Cóilín Duffy
Tá borradh agus beocht faoi fhilíocht na Gaeilge arís agus Éigse Éireann tar éis na filí atá roghnaithe don chlár Céadlínte 2025 a fhógairt. Is tionscnamh é seo a chuireann ardán ar fáil do ghlúin nua filí, agus tá an Ghaeilge le cloisteáil go tréan i measc na nguthanna i mbliana.
Labhair Aifric Mac Aodha, a bhí bainteach leis an roghnúchán, le An Páipéar. Dúirt sí nach raibh aon fhoirmle sheasta i gceist agus go raibh sé níos mó faoi ghuth a spreag a croí. “Le fírinne, ní bhíonn de shlat tomhais agam ach priocadh mo chroí féin. Nuair a léigh mé an chéadlíne san iarratas ó Chúán de Búrca, Tá sé ina lá san alltar, thuig mé láithreach go raibh rudaí fiúntacha le rá aige.”
Is file óg é Cúán de Búrca a bhfuil a shaothar fréamhaithe sa taithí phearsanta agus sa bhéaloideas, ag tabhairt guth nua ar théamaí seanbhunaithe. Tá cur chuige comhaimseartha aige ach fanann sé dílis don teanga agus dá ceol.
“Mar fhile ag tús mo ghairme, is deis iontach é bheith páirteach sa chlár seo. Nílim ag scríobh le fada agus níl mórán de mo chuid curtha i gcló go fóill, mar sin, tá sé thar cionn an t-ardán seo a fháil do mo shaotha,” arsa Cúán le An Páipéar.
“Anuas air sin, tá mé ag súil go mór mór leis an gcomhairle ó Aifric Mac Aodha – tá sé go deas tuairim a fháil ar do chuid dánta i gcónaí, go háirithe ó fhile mór le rá!”