Táthar tar éis gealach eile de chuid an phlainéid Úranás a aimsiú le teileascóip James Webb. Ní raibh a fhios ag éinne go raibh an ghealach seo ann. Bhí sí i bhfolach go dtí seo gar do na fáinní atá thart timpeall an phlainéid. Tá an ghealach nua deich gciliméadar trasna. “S/2025 U1” an t-ainm atáthar tar éis a bhaisteadh uirthi. Níor éirigh leis an tóireadóir Voyager 2 í a aimsiú nuair a d’eitil sé thar an bplainéad sa bhliain 1986.
Eolaithe de chuid Nasa a d’aimsigh í, atá lonnaithe i gcathair Boulder, áit ina bhfuil teileascóip James Webb suite. Dúirt Maryame El Moutamid gur fionnachtain shuntasach cé atá ann, cé gur gealach bheag í S/2025 U1.

Mar gheall ar na difríochtaí móra i leibhéil ghealachta, is íomhá chomhiomlán é seo de thrí chóireáil éagsúla ar na sonraí, rud a cheadaíonn don lucht féachana sonraí a fheiceáil san atmaisféar pláinéadach, sna fáinní mórthimpeall, agus sna gealacha atá ag fithisiú. Tógadh na sonraí le scagaire bhanda leathan F150W2 NIRCam, a ligeann trí thonnta infridhearga idir thart ar 1.0 agus 2.4 micriméadar.
Grianghraf: NASA, ESA, CSA, STScI, M. El Moutamid (SwRI), M. Hedman (Ollscoil Idaho)
Is é seo an dara gealach de chuid Úránais nach bhfuil ainmnithe as carachtar de chuid Shakespeare. Tá cinn eile ann darb ainm Desdemona, Puck, agus Juliet. Creidtear go mbeidh ainm nua ag an ngealach amach anseo agus is é Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta ata i gceannas ainmneacha a thabhairt do reanna neimhe nua-aimsithe.
D’aimsigh Frederick William Herschel Úránas in 1781, ag agus is é an seachtú plainéad ón ngrian é. Tá sé neamhchosúil le hIúpatar agus Satarn sa bhealach nach bhfuil na fáinní ró-fheiceálach toisc go bhfuil said déanta as ábhar dorcha. Is ábhar dóchais é seo mar ciallaíonn sé go bhfuil i bhfad níos mó le haimsiú inár ngrianchóras ná mar a cheapamar.