Tá clú ar na meáin go ndíríonn muid ar scéalta diúltacha, ach ba mhaith liom díriú ar scéal dearfach. 

Tá Innéacs Measúnachta Saol Gallup foilsithe do 2025 agus léiríonn trian de na freagróirí go bhfuil ag éirí leo sa saol. Cuireadh ceist ar fhreagróirí a rá cén áit ar an scála a bhí siad, scála 0 go 10 a bhí ann, ina raibh 0 go 4 ag léiriú go raibh siad ag fulaingt, 5 agus 6 ag streachailt agus 7 go 10 ag treisiú. Cuireadh an cheist ar dhaoine ó 142 tír timpeall an domhain. 

Chomh maith leis sin, cuireadh ceist faoina ndearcadh ar an todhchaí. Ba é an meánscór 7.9, an figiúr is airde riamh. Tá rátaí treisithe ag ardú ó bhliain go bliain agus tá rátaí fulaingthe ag laghdú ar an scála seo. 

Spéisiúil go leor, bhí laghdú ar rátaí treisithe sna tíortha saibhre. B’fhéidir go bhfuil sin de bharr an chórais nualiobrálaigh agus na bearna idir saibhir agus daibhir ag méadú go mór, agus seirbhísí poiblí á dteorannú. Ach sna tíortha eile bhí ardú ar an treisiú a léiríonn go bhfeiceann siad go bhfuil cúrsaí ag feabhsú. In 1990 bhí 2.31 billiún duine i bhfíorbhochtaineacht. 

Is sainmhíniú ar an mbochtaineacht daoine ag maireachtaint ar níos lú ná $1.90 sa lá. Tá 808 milliún duine i mbochtaineacht inniu. Tá cúrsaí teicneolaíochta ag feabhsú an t-am ar fad, mar atá cúrsaí leighis, agus táimid sa ré is síochánta riamh. Níl mé ag rá nach bhfuil fadhbanna sa domhan, ach tá an cumas againn sa lá atá inniu ann iad a réiteach. 

Tá athrú córasach ag teastáil go príomha chun na fadhbanna seo a réiteach agus is iad na fadhbanna is mó ná an t-impiriúlachas agus caipitleachas.  

Caithfear a aithint go bhfuilimid ar fad inár gcónaí le chéile sa domhan seo agus nach gcuidíonn saint le haon duine. Ar scáth a chéile a mhaireann muid.

Caoimhín Ó Cadhla

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.