An Coileánach – laoch ar lár?

Fearghal Mac Bhloscaidh

Ar an 6 Nollaig 1921, shínigh Mícheál Ó Coileáin an Conradh Angla-Éireannach, comhaontú ar thug sé a bharántas báis féin air. Tuar a tháinig faoin tairngreacht nuair a scaoileadh marbh é le linn luíocháin ar an 22 Lúnasa 1922. Ba é éan an anró riamh é dóibh siúd a chreid go dtiocfadh náisiún nua aontaithe chun cinn ina mbeadh cothrom na Féinne ag cách seachas caill mhór a bhás. Ach, i bhfírinne, bhí aisling 1916 in arraingeacha an bháis sular thit an Coilíneach i mBéal na mBláth. Leoga, d’ainneoin a shíltear go coitianta, Ó Coileáin féin a thug buille an bháis di go háirithe nuair a thoisigh sé Cogadh na gCarad ar an 28 Meitheamh le gunnaí móra ar iasacht ón Bhreatain.

Micheál Ó Coileáin i gCorcaigh in 1922

Dhaingnigh an Conradh an chríochdheighilt agus géilleadh do choróin agus d’impireacht na Breataine. Mhaígh Ó Coileáin, áfach, nach raibh ann ach cloch chora ar an bhealach i dtreo neamhspleáchas iomlán. Go bunúsach, shaothraigh Ó Coileáin tacaíocht don chonradh agus ceithre bhuntuiscint lochtacha a scaipeadh aige: 1) thug an conradh an tsaoirse le saoirse a bhaint amach níos faide anonn, 2) ní thig leis na hÓglaigh leanstan ar aghaidh le ‘cogadh láithreach agus uafásach’ geallta ag Lloyd George, 3) scríobhfadh sé bunreacht poblachtánach don tsaorstát nua le comhghuaillíocht Shinn Féin a tharrtháil agus 4) choinneodh sé brú ar rialtas Craig trí fheachtas rúnda na nÓglach i gcomhar leo siúd in Arm Phoblacht na hÉireann nár ghlac leis an chonradh.  

Le coimhlint a sheachaint, mar sin de, rinne sé comhaontú toghcháin le de Valera agus phleanáil comhfheachtas rúnda in éadan rialtas an tuaiscirt. Leoga, rinne na hÓglaigh dhá ionsaí sa tuaisceart ach sop in áit na scuaibe a bhí iontu. Dhiúltaigh na Briotanaigh glacadh leis an chonradh phoblachtánach. Ghéill Ó Coileáin ar an 13 Meitheamh, go pointe mar gur bhuamáil an Bhreatain fórsaí measctha poblachtánacha agus Saorstáit ag Béal Leice idir an 18 Bealtaine agus an 3 Meitheamh. Chuir Ó Coileáin an comhaontú toghcháin Shinn Féin ar ceal ar an 14 Meitheamh i gCorcaigh, mar ghlac sé leis an bhunreacht impiriúil, nár foilsíodh go fóill, cinneadh a mharaigh an comhshocrú. I mbeagán focal, chuir rialtas na Breataine cosc ar cheart mhuintir na hÉireann comhrialtas a thoghadh i dtoghchán saor ina raibh páirtithe seachas Sinn Féin ag seasamh. Ar an 28 Meitheamh, d’ionsaigh Ó Coileáin na Ceithre Cúirteanna, ceithre lá i ndiaidh do na Briotanaigh a n-ionsaí féin ar a chur ar ceal.

D’fhéadfaí a argóint gur earcaigh bodaigh mhóra na himpireachta an Coilíneach leis na poblachtánaigh, nach raibh siad in inmhe a bhualadh leo féin, a scrios dóibh. Leoga, i ndiaidh an ionsaithe ar na Ceithre Cúirteanna, scríobh Churchill chuig Craig i mBéal Feirste go dtig leis na fir bhuí a bheith ar a sáimhin só anois gur nocht Ó Coileáin a fhabhar in éadan naimhde na himpireachta. Tá go leor déanta ag John Regan chun dúshlán a thabhairt don tuairim gurbh ionann Cogadh na gCarad agus comhrac díreach idir daonlathaithe an tSaorstáit agus deachtóirí Arm Phoblacht na hÉireann. Go deimhin, d’ordaigh Ó Coileáin d’Ó Gríofa cead cúlghabhálach a rialtais a bhronnadh ar ‘Chomhairle Cogaidh na dTrí’ s’aige. Dhá lá roimh bhás Uí Ghríofa, ghabh Arm an tSaorstáit Cathair Chorcaí. Bhí graifítí suimiúil le feiceáil ar bhalla an óstáin Windsor: ‘Collins marches on Cork. Why not Belfast?’ D’inis an Coilíneach do Horace Plunkett ar an 19 Lúnasa, an oíche sular thug sé aghaidh ar Chorcaigh: “I ndiaidh dúinn an trioblóid atá ann faoi láthair a réiteach [,] beidh orainn dul i ngleic leis an Bhoilséiveachas.’ Ar an lá chéanna, ghlac Ó Coileáin le polasaí nua síochánta i leith an tuaiscirt. Trí lá ina dhiaidh sin, ar an 22 Lúnasa, maraíodh é ag Béal na Blá. Is ar éigean a bhí a chorp fuar sa chré nuair a ghlan an Saorstát nua na ‘réabhlóidithe, na hathbheochanóirí teanga agus go háirithe na poblachtánaigh mhíleata’ ón rialtas (Regan, The Irish counter-revolution, lch, 259). 

 Cé go bhfuil sé doiligh teacht ar thátal cinnte faoi, ba chosúil gur chreid Ó Coileáin go raibh sé ag cuidiú le cúis na Poblachta nuair a shínigh sé a bharántas báis féin sa Chonradh, ach an mhalairt a bhí i gceist agus is deacair a theacht ar chonclúid ar bith eile ach go raibh an Coilíneach ar na sabaitéirí ba mhó i stair an phoblachtánachais. Bhain Ó Coileáin úsáid as eagraíocht na bhFíníní le tromlach a fháil don Chonradh i ndíospóireachtaí na Dála, ach le linn an ama, chuir sé na gnéithe frithsheicteacha, cothromaíocha agus frithimpiriúla i dtraidisiún an phoblachtánachais de dhroim seoil agus d’eascair bunú an tSaorstáit Chaitlicigh, choimeádaigh agus impiriúil agus daingniú an stáitín oráistigh ó thuaidh. Go deimhin,  ‘i streachailt staire ar bith, ní mór  idirdhealú a dhéanamh idir frásaí na bpáirtithe… á gcoincheapadh orthu féin agus fírinne an scéil’ [Marx, 18te Brumaire]. An chéad phoblachtánach eile a bhíonn ag cur is ag cúiteamh gur laoch ar lár a bhí sa Choilíneach,  is dóichí ná a mhalairt go mbeidh lúb ar lár san argóint s’aige. 

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.