Tá sé i gceist ag Príomh-aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, forghabháil mhíleata iomlán a dhéanamh ar Gaza. Tá an moladh seo tar éis easaontad móra a chruthú i measc ceannairí míleata agus polaitiúla Iosrael. thug roinnt príomhcheannairí míleata rabhadh go bhféadfadh a leithéid d’aistriú trúpaí Iosrael a fhágáil sáinnithe i gcoimhlint níos fadtéarmaí fiú. Dár ndóigh, déanfaidh sé tuilleadh dochair do shaoránaigh in Gaza atá cheana féin ag fulaingt an chinedhíothaithe.
Dúirt rapóirtéir speisialta na Náisiún Aontaithe ar an gCeart ar Bhia, Michael Fakhri, le linn na seachtaine, go bhfuil “Iosrael i ndiaidh an meaisín gorta is éifeachtaí a d’fhéadfá a shamhlú a thógáil”.
Mharaigh Iosrael na scórtha Palaistíneach i rith na seachtaine agus iad sa tóir ar bhia agus cúnamh in Gaza. Maraíodh iad in aice le bealaí dáilte de chuid na Náisiún Aontaithe agus ag ionaid atá á reáchtáil ag Fondúireacht Dhaonnúil Gaza (FDG), a bhuil tacaíocht Iosrael acu.