Tá rud éigin faoin bhFleadh Cheoil a chuireann buille beag leictreach trí fhéitheacha na hÉireann – agus i mbliana, tá an buille sin beo i gceart i Loch Garman.

Ón gcéad phort ar maidin go dtí an nóta deiridh i seisiún go domhain san oíche i dteach tábhairne plódaithe éigin, mar a bhfuil braonta síos na fuinneoga agus an bodhrán ag bualadh in am le do chroí, is ionsaí lúcháireach í an Fhleadh ar do chéadfaí. I Loch Garman, lena chéanna báite faoi sholas na gealaí, sráideanna daite, agus mórtas chomh saibhir le bailéad sean-nóis, tá an Fhleadh ar a compord ann.

Déan dearmad ar na gnáthbhróisiúir thurasóireachta – is í seo Éire lándaite. Ag spaisteoireacht tríd an mbaile an tseachtain seo, is dócha go bhfeicfidh tú fidléir i ndeabhaidh le bainseó ar chúinne amháin, ógánach ar an bpíb ar theann a dhíchill taobh leis an sceallóglann, agus trí ghlúin de theaghlach ag damhsa ar ala na huaire ar an bPríomhshráid – seanmháthair ag casadh an tachráin a fhad is go bhfuil Mamaí ag canadh amach an churfá in ard a cinn is a gutha. Daideonna ag drandán cornphíopaí, tachráin ag caitheamh caipíní, lucht TikTok ag aimsiú den chéad uair seiteanna céilí – is cíor thuathail ghlórmhar í.

Is ainriail eagraithe í an Fhleadh freisin. Conas a chuireann siad an oiread sin feadóga stáin a isteach i mbaile amháin gan an tAcht um Thruailliú Torainn a shárú? Conas a mhaireann tuismitheoirí seachtain iomlán ag leanúint a bpáistí ó chomórtas go comórtas agus greim acu ar bhuidéil uisce, ceapairí agus dóchas docht daingean? Conas a choinníonn muintir na háite orthu ag gáire agus na tithe tábhairne plódaithe go doras ó am lóin ar aghaidh?

Ach déanann. Mar is fiú é. Nuair a sheasann páiste dhá bhliain déag ar an stáitse agus a chiúnaíonn amharclann iomlán le fonn mall uaigneach, nó nuair a chasann buíon ógánach as Luimneach amach port  a ardaíonn an díon, cuirtear i gcuimhne dúinn cén fáth go ndéanaimid seo. Cén fáth a dtagann muid le chéile. Cén fáth a gcoimeádaimid na foinn beo.

Is mó ná féile cheoil í an Fhleadh. Is ceiliúradh beo beathach ar an bhféiniúlacht í – an tÉireannachas gona ghlóir mhíshlachtmhar, dhraíochta, cheolmhar go léir. Agus is é Loch Garman, lena fháilte chroíúil agus a fhuaimrian cois farraige, an t-ardán foirfe don taispeántas.

Mar sin, má tá tú gafa leis an gceol traidisiúnta le fada, nó más nuíosach fiosrach thú, léim isteach. Faigh uachtar reoite agus feadóg stáin. Imigh ar strae síos lána agus aimsigh seisiún. Tá an Fhleadh anseo – agus is mór an spórt í.

Coinnigh na ríleanna ag teacht, a Loch Garman, tá sibh ag déanamh thar cionn!

Cóilín Duffy

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.