Léamhthuiscint: An club CLG deireanach i lár chathair Bhaile Átha Cliath

Domhnall Mac Concharraige

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

An pháirc atá ag Cumann Lúthchleas Gael Scoil Uí Chonaill.

Cé gur áit a thugann go leor tacaíochta d’fhoireann peile Bhaile Átha Cliath é lár na cathrach, níl mórán daoine ar an eolas go bhfuil club CLG fós ann. Is ceantar láidir sacair é go príomhá na laethanta seo. Is é Naomh Iósaf Buachaillí Uí Chonaill, an club deireanach i lár na cathrach. Blianta ó shin bhí cúig nó sé chlub sa cheantar céanna. Bunaíodh an club in 1918 agus is cónascadh é idir dhá chlub, Naomh Iósaf ón bPort Thiar, agus Buachaillí Uí Chonaill ón bPort Thuaidh.

Mar cheantar mór lucht oibre bhí go leor oibrithe ag obair ar na dugaí, chomh maith leis sin bhí longchlós na Life ann a chuir go leor fostaíochta ar fáil do mhuintir na háite. Le fás CLG bunaíodh go leor clubanna sa cheantar agus bhí Naomh Iósaf agus Buachaillí Uí Chonaill in iomaíocht lena chéile ar feadh tamaill. Bhí dianiomaíocht idir an dá chlub agus Cumann Uí Thuathaill a bhí lonnaithe ar Phlás Seville ar dtús sular bhog siad go Cúlóg.

Cé go raibh siad ag streachailt mar gheall ar athfhorbairt an cheantair tá an club fós ag dul ó neart go neart ó thús an chéid seo. In 2004 bhuaigh an club an Craobh Shóisir B Bhaile Átha Cliath in aghaidh Naomh Uinseann i bPáirc Parnell. Tá foireann iomána ag an gclub chomh maith agus bhuaigh siad an chraobh trí huaie i ndiaidh a chéile ó 2016 ar aghaidh i gcoinne Réalta Dearg, agus na Gaeil Óga in 2017 agus 2018. Fuair an club cuireadh ó Ardmhéara Bhaile Átha Cliath freastal ar Theach an Ardmhéara mar aitheantas ar an éacht seo.

Imríonn Naomh Iósaf Buachaillí Uí Chonaill i bPáirc Fhionnradhairc i mBaile Átha Cliath 3 agus tá dath marún agus órga ar a ngeansaí. Tá an clubtheach lonnaithe ar Phlás Seville agus imríonn siad i Roinn 11b. Bíonn meascán d’imreoirí ag imirt leis an gclub idir dhaoine áitiúla agus daoine ón tuath a bhíonn ag obair agus ina gcónaí ar cíos i lár na cathrach. Creid é nó ná creid é go bhfuil neart imreoirí sa chlub a bhfuil Gaeilge acu chomh maith! Glacann an club páirt i gcomórtas bliantiúil lár na cathrach. Glacann roinnt foirne a bhí lonnaithe sa cheantar ar nós Cumann Uí Thuathail páirt. Glacann Gaeil Rosmini, Craobh Chiaráin, Scoil Uí Chonaill, Clann na nGael Fontenoy, Pobal Parnell, Naomh Iósaf Buachaillí Uí Chonaill, agus CLG Réaltsoilse páirt sa chomórtas gach bliain i mí Lúnasa.


Ceisteanna buntuisceanna

  1. Cá bhfuil Naomh Iósaf Buachaillí Uí Chonaill lonnaithe?
  2. Cén spórt is mó a imrítear sa cheantar seo?
  3. Cad as an dá chlub, Naomh Iósaf agus Buachaillí Uí Chonaill?
  4. Cén club a bhíodh i dianiomaíocht le Naomh Iósaf Buachaillí Uí Chonaill?
  5. Scríobh dhá phíosa eolais faoin gcineál ceantair ina bhfuil siad.
  6. Liostaigh trí ghradam a bhain siad amach.
  7. Ainmnigh ceithre fhoireann a ghlacann páirt i gomórtas lár na cathrach.

Ceapadóireacht

As na clubanna a ghlacann páirt i gcomórtas lár na cathrach, roghnaigh ceann amháin acu agus déan taighde ar a stair.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.