Fíorú d’fhís Sankara: Bata agus bóthar d’impiriúlaithe an Iarthair

Cathal Ó Murchú

Tá réimse leathan tíortha anois san Afraic ag tabhairt bata agus bóthar don nuachoilíneachas — go háirithe nuachoilíneachas na Fraince. Tá an chuid is mó de na tíortha seo lonnaithe sa tSaiheil, díreach le hais Fhásach an tSahára, Buircíne Fasó, Mailí, an Nígir go sonrach. Go deimhin, tá na trí thír seo tagtha le chéile i gcomhghuaillíocht fhrithimpiriúlach ar a dtugtar Comhaontas na Stát Saiheileacha (Alliance of Sahel States). Is ceantar í an tSaiheil a bhíonn buailte le neart drochratha idir chogaíocht, easpa forbartha, fhás Fhásach an tSahára, mhinicíocht triomlaigh, ardú teochta, athrú aeráide agus an ceann is measa b’fhéidir, an nuachoilíneachas.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!