
Dé Céadaoin seo caite bhí Liam Óg Ó hAnnaidh, nó Mo Chara mar is fearr aithne air, ón ngrúpa rapcheoil Gealach Kneecap, os comhair na cúirte i Londain Shasana mar gheall ar chúis sceimhlitheoireachta. Bhí slua mór lasmuigh de Chúirt Dúiche Westminster i lár Londan, le breis is dhá mhíle de lucht tacaíochta i láthair chun tacú leis an rapghrúpa toisc an chúis a bheith éagórach, dar leo. Bhí polaitíocht an rapghrúpa le feiceáil go soiléir le bratacha na hÉireann agus bratacha na Palaistíne ar taispeáint go fonnmhar, chomh maith le plaiceaird agus póstaeir.
Baineann an chúis le heachtra a tharla le linn ceolchoirm de chuid Kneecap i bhFóram O2 in oirdheisceart Londan i mí na Samhna anuraidh nuair a caitheadh bratach Hezbollah ar an stáitse. Líomhnaítear gur thóg Mo Chara an bhratach agus gur chroith sé í chun frithbheartaíocht i gcoinne Iosrael agus an chinedhíothaithe atá ar bun ag an stát sin a léiriú. Maítear gur léirigh sé seo tacaíocht don sceimhlitheoireacht agus is ar an mbonn seo go bhfuil sé cúisithe faoin Acht Sceimhlitheoireachta. Maíonn daoine eile gur saorléiriú tuairime nó saorchead cainte atá ar siúl anseo.