
Tá an Meánoirthear ina chíor thuathail ag Iosrael arís, agus is cosúil nach bhfuil deireadh leis an scrios agus an bás atá meáite ag Iosrael a fhearadh ar stáit an réigiúin.
Tá ionsaí dána místuama déanta ag Iosrael, ag iarraidh réimeas na hIaráine a scrios, agus máistreacht Iosrael ar an réigiún ar fad a chinntiú.
Deirtear go raibh na Stáit Aontaithe ag iarraidh ionsaí den chineál seo a sheachaint, ach thuig Netanyahu nach mbeadh sé de mhisneach ag Trump gan tacú leis dá gcuirfeadh sé tús le cogadh iomlán leis an Iaráin.
Tuigeann sé freisin go bhfuil na Stáit Aontaithe comh tugtha sin do chás Iosrael go nglacfaidh siad páirt sa chogadh má éiríonn leis an Iaráin buille fuilteach a bhualadh ar an ionsaitheoir.
Agus bhí tuiscint mhaith ag Netanyahu ar laige Trump. Ghéill Trump, agus is le Trump an cogadh seo bíodh sé ag teastáil uaidh nó ná bíodh.
Bhuail Iosrael buille suntasach ar an Iaráin. B’fhéidir nach bhfuil an dochar don infrastruchtúr agus do na hionaid mhíleata comh tábhachtach sin ag an deireadh thiar ach is cailliúint mhór bás na gceannairí míleata, an Ginearál Mohammad Bagheri, ceann foirne Arm na hIaráine, agus an Ginearál Hossein Salami, ceann foirne an Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí, ina measc.
Tá Iosrael tar éis iarracht a dhéanamh a rá gur ionsaí réamhchoisctheach a bhí ann sula mbeadh buama núicléacha ag an Iaráin.
Ach tá a fhios ag an saol nach bhfuil buama núicléach ag an Iaráin faoi láthair agus go raibh cainteanna ar siúl idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin ag iarraidh teacht ar réiteach.
Is cosúil, sa chomhthéacs sin, go ndearna Iosrael an t-ionsaí lena chinntiú nach n-éireoidh leis na cainteanna sin.
Ar ndóigh is cuid de scéalaíocht an Iarthair gurbh iad na hIaránaigh na drochdhaoine. Agus ar an toirt tháinig an Ghearmáin agus an Fhrainc amach ar son Iosrael ag rá go raibh an ceart ag Iosrael é féin a chosaint! Sea, a chosaint!
Níl tada ráite agus mé á scríobh seo ag rialtas na hÉireann, ach, gan dabht, ní theastaíonn uatha aon olc a chur ar Mheiriceá ná ar an Aontas Eorpach.
Níl aon rud níos lú ó Netanyahu ná an tsíocháin agus an chobhsaíocht sa réigiún ós rud é go bhfuil rath air as cogadh agus as aimhréidh. Go deimhin, is cosúil go bhfuil an t-ardú is déanaí seo deartha d’aon ghnó chun freagairt na hIaráine a spreagadh, agus ar an gcaoi sin leithscéal a thabhairt d’Iosrael, faoin scéalaíocht gur drochdhaoine iad na hIaránaigh, chun cogadh iomlán a thosú leis an Iaráin (agus na Stáit Aontaithe a thiomnú dó sa deireadh).
Cuireann sé scáth deataigh ar fáil d’Iosrael freisin don chinedhíothú leanúnach agus don ghlanadh eitneach atá á dhéanamh ag Iosrael in Gaza agus ar an mBruach Thiar.
Tá dearcadh an phobail san Iarthar ag athrú, toisc gur féidir coireanna Iosrael a fheiceáil ar na scáileáin telefíse gach oíche. Tá Iosrael, den chéad uair b’fhéidir, ag cailliúint chogadh na bolscaireachta. Ní féidir a thuilleadh cárta an íospartaigh a imirt.
Tá le feiceáil cé comh láidir agus a bheidh an Iaráin agus iad ag dul i ngleic le hIosrael, ach níl aon amhras ann ach go dtiocfaidh na Stáit Aontaithe chun cabhair Iosrael má tá sé sin riachtanach le hIosrael a shábháil.
Má chuir Meiriceá, an Ghearmáin agus an Fhrainc fáilte roimh an ionsaí, cháin an Rúis agus an tSín é. Agus de réir mar tá an chuid is mó den domhan ag teacht amach in aghaidh Iosrael mar gheall ar Gaza ceapaim go dtaobhóidh siad leis an Iaráin freisin.
Seachas na tíortha Arabacha, mo léan. Tá an chuid is mó de na tíortha seo i bpócai Mheiriceá, cé go mbíonn pobail na dtíortha taobh thiar den Phalaistín (agus, ceapaim, an Iaráin). Seanscéal ag an impiriúlachas ar ndóigh, difríochtaí creidimh (idir Caitlicigh is Protastúnaigh, nó idir Hiondúigh agus Moslamaigh, nó idir lucht an tSiachais is lucht San tSunnaíochais) a úsáid le pobail a scoilteadh agus iad a choinneáil faoi smacht na himpire.
Cor contúirteach i bpolaitíocht an domhain atá san ionsaí seo, mar is léiriú eile é nach bhfuil aon srian ar ionsaitheacht Iosrael, nó aon chumas ag an gcomhphobal idirnáisiúnta (má tá a leithéid ann) rud ar bith a dhéanamh faoi.
Ar ndóigh níl aon airm núicléacha ag an Iaráin, ach an féidir le stáit eile ligean do Mheiriceá agus Iosrael an Iaráin a scrios?