An Dr. Fearghal Mac Bhloscaidh
An tseachtain seo a chuaigh thart chonacthas radharcanna uafásacha ar an Bhaile Mheánach, nuair a rinne sciar suntasach den phobal Phrotastúnach, aontachtach agus dhílseach pogram ar mhionlach eitneach ar an bhaile mhór. Tuigfidh léitheoirí a bhfuil tuigbheáil ar an stair acu nach é seo an chéad phogram ar phobal mionlach sa tuaisceart. Tuigfear chomh maith go bhfuil an ciníochas agus an seicteachas de dhlúth agus d’inneach an aontachtais féin. Leoga bunaíodh an tuaisceart corradh agus céad bliain ó shin ar phogram i mBéal Feirste agus i mbailte eile le linn an tsamhraidh in 1920. Bhain ceannasaíocht an aontachtais tairbhe as Cumann Lucht Oibre Aontachtach Uladh (CLOAU, nó UULA mar is fearr aithne air i mBéarla) chun Caitlicigh agus ceardchumannaithe a dhíbirt óna bpoist. Chun scéal fada a dhéanamh gairid, spreag agus threoraigh Edward Carson agus an ghluaiseacht aontachtach an foréigean seo a d’fheidhmigh mar bhunchloch geilleagrach an stáit oráistigh, agus tháinig siad i dtír air.

Nuair a thoisigh foréigean idir Arm Phoblacht na hÉireann, an tIRA, arm na Breataine agus Óglaigh Uladh (UVF) i gCathair Dhoire i Meitheamh 1920, chuir oibrithe na longcheártaí achainí chuig Carson ag iarraidh cead díoltas a bhaint amach. I ndiaidh dó labhairt go pearsanta leis an UULA, thug Carson óráid ghríosach i bPáirc na bhFear Buí i bhFionnachadh ar an 12 Iúil, inar bhagair sé go raibh Sinn Féin ag úsáid cheist na gceardchumann le hUlaidh a ghabháil agus go mbeadh ar Aontachtaithe an dlí a ghlacadh orthu féin. Dúirt sé, “Ní focail bhaotha iad seo”. Nuair a d’fhill oibrithe na longcheártaí ó shaoire, d’eagraigh an UULA cruinniú a chuir tús leis an díbirt. Léiríonn tuairiscí inmheánacha an ghrúpa go raibh Dawson Bates, Aire Gnóthaí Baile an tuaiscirt an bhliain dár gcionn, go muineál sa scéim.