Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.
Ar an 21ú lá den mhí seo beidh grianstad an tsamhraidh ann. Is feiniméan é a tharlaíonn dha uair in aghaidh na bliana an grianstad. Le linn an ama seo beidh an ghrian ag an bpointe is airde sa spéir agus beidh an lá is faide sa bhliain ann. Éireoidh an ghrian roimh 5 ar maidin ar an lá seo agus ní théann sí a luí go dtí beagnach 10 san oíche. Tá an-stair ag baint leis an bhféile seo agus tá neart féastaí i ngach cultúr ar domhan bunaithe ar an ngrianstad. Is minic a bhíonn nasc idir grianstad an tsamhraidh agus torthúlacht an duine agus torthúlacht talún.
Céiliúrtar an lá seo mar lár an tsamhraidh sna tíortha Géarmánacha, an Ghearmáin, an Íseatír, Sasana agus Críocha Lochlann. Sa tSualainn agus san Iorua bíonn na mná gléasta i bhfeistis faoi leith agus déanann damhsa timpeall chrainn Bhealtaine. Tá nasc mór ag an bhféile seo leis an bpágánachas ach nuair a d’iompaigh cuid mhór den Eoraip ar an gCríostaíocht rinneadh iarracht é a Chríostiú mar Oíche Fhéile Eóin. Má théann tú chun na Spáinne is féidir tinte cnámh a fheiceáil ar na tránna ar an oíche seo. Is iarsma é seo ón tseanfhéile pháganach a dhéantaí a chéilúradh fadó.

Grianghraf: Ken Williams/Flickr
Tá an-suim san fhéile seo le cúpla bliain anuas mar gheall ar an scannán uafáis mór le rá dar teideal Midsommar atá suite sa tSualainn. Téann mic léinn ó na Stáit Aontaithe atá i mbun staidéir ar an antraipeolaíocht go tuaisceart na Sualainne chun bheith ina gcónaí le treabh atá fós ag cleachtadh fhéile pháganach lár an tsamhraidh.
Cibé bealach a chéiliúrtar é ní féidir a shéanadh gur am lán le hathruithe é an t-am seo den bhliain. Feicimid gur rud ciorclach é an saol agus cé go mbíonn rudaí deacair agus diúltach ar nós an gheimhreadh ann, ní fhanann sé mar sin agus tagann an samhradh! Grianstad an tsamhraidh sona duit! Éirigh go luath chun éirí na gréine a fheiceáil ar an 21 Meitheamh!
Ceisteanna buntuisceanna
- Cé chomh minic is a tharlaíonn grianstaid?
- Céard atá i gceist leis an ngrianstad? Tá dhá phíosa eolais ag teastáil.
- Céard iad na naisc atá ag an bhféile seo leis an duine agus leis an talamh?
- Conas a athraíodh an fhéile le teacht na Críostaíochta?
- Cen fáth a bhfuil níos mó suime san fhéile seo le cúpla bliain anuas?
- Cén bealach a mbeidh tú féin ag comóradh an dáta i mbliana?