I leabhar a d’fhoilsigh an t-iriseoir Martin Dillion le deireanas tugann sé sonraí faoi sceithire a mhaíonn gur chuir MI5 a ladar isteach leis an fheiste sular phléasc sé
Tá líomhaintí suntasacha tar éis teacht chun tosaigh go raibh sceithire ag feidhmiú sa Gharda Síochána ag an am ar phléasc buama in Inis Ceithleann. Fuair duine dhéag bás nuair a phléasc buama 40 punt in aice le leacht cuimhneacháin sa bhaile i mí na Samhna 1987.
Dúirt an tIRA gur chuir siad an buama ann agus saighdiúirí Briotanacha mar thargaid an ionsaí, ach mhaígh siad gur phléasc scanóir de chuid na bhfórsaí slándála é. I leabhar a an t-iriseoir Martin Dillon ar na mallaibh tugann sé sonraí faoi sceithire a mhaígh gur chuir MI5 a ladar isteach air sular phléasc sé.
Tháinig na líomhaintí chun tosaigh den chéad uair i litir a seoladh chuig aire de chuid Rialtas na hÉireann, Brian Lenihan, laethanta i ndiaidh an phléasctha beagnach 40 bliain ó shin. Ní raibh síniú ar an litir, ach mhaígh údar na litreach gur ball de MI5 é.