
Sheol an tAire Oideachais agus Óige Helen McEntee tionscadal píolótach dar teideal Foraois an tseachtain seo caite. Tá an tionscadal ag spreagadh na Gaeilge taobh amuigh de sheomraí ranga i nGaelscoileanna agus Gaelcholáistí.
Rinne an Roinn Oideachais agus Óige comhairliúchán mar chuid d’fhorbairt an pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Léirigh an taighde go bhfuil daoine óga i nGaelscoileanna agus Gaelcholáistí ag iarraidh tuilleadh deiseanna an Ghaeilge a úsáid lasmuigh den seomra ranga.
Is é aidhm Foraois na deiseanna sin a chur ar fáil trí oibriú le scoileanna, daltaí agus scoláirí chun cumainn, clubanna, agus cláir forbartha a bhunú a thacóidh le húsáid laethúil na Gaeilge.
Cuireann an Gaeloideachas síolta an cheangail fad saoil seo. Is é aidhm Foraois na hacmhainní éagsúla a chur ar fáil ionas go bhfásfaidh na síolta sin ina bhforaois bhisiúil.
Leis an tionscadal seo, tá béim láidir ar spraoi agus deiseanna neamhfhoirmiúla. Díríonn an cur chuige úr seo i leith foghlaim teanga ar thaitneamh agus ar thumadh.
Níl ach cúig scoil ag glacadh páirte sa tréimhse phíolótach. Tá siad go léir i mBaile Átha Cliath. Is iad Gaelcholáiste Reachrann i nDomhnach Míde, Gaelscoil Cholmcille ar an gCúlóg, Gaelscoil Ghráinne Mhaol i nDomhnach Míde, Gaelscoil Míde i gCill Bharróg, agus Scoil Neasáin i mBaile Hearmann.
Dúirt Helen McEntee go bhfuil an-áthas uirthi an tionscadal spreagúil seo a sheoladh, a chuirfidh bealaí fónta, nádúrtha agus spraíúla ar fáil do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid lasmuigh den scoil.
Chomh maith leis sin, dúirt sí go bhfuil a roinn ag forbairt polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus Plean Gnímh don Ghaeilge i scoileanna meán-Bhéarla. Tá sé mar aidhm acu pobail labhartha Gaeilge a chruthú agus a chothú thart ar Ghaelscoileanna agus Gaelcholáistí.
Bhí Richard Shakespeare, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, ag an seoladh i nGaelscoil Cholmcille ar an gCúlóg freisin. Dúirt sé gur léir an méadú suime i measc na ndaoine óga an Ghaeilge a úsáid mar theanga phobail. Cuirfidh an tionscadal Foraois deiseanna ar fáil d’eispéiris tumtha a thacóidh le foghlaimeoirí óga teanga an Ghaeilge a úsáid ina bpobail áitiúla.
Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, an Roinn Oideachais agus Óige, agus Conradh na Gaeilge ag obair le chéile ar an tionscadal seo. Tá Foraois á chómhaoiniú ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, i gcomhréir lena bPlean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail, agus an Roinn Oideachais agus Óige, faoin bpolasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, atá le foilsiú ag an roinn níos déanaí sa bhliain.
Is é Ciarán Mac Giolla Bhéin Uachtarán Chonradh na Gaeilge. Chuir sé a thuairim in iúl go bhfuil an t-ádh orthu i gConradh na Gaeilge a bheith páirteach sa tionscadal ceannródaíoch seo. Léirigh sé an tábhacht a bhaineann le deis a thabhairt do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid sa phobal. Leis an tionscadal nua, tá siad ag tógáil struchtúr a spreagfaidh úsáid nádúrtha na teanga ar feadh an tsaoil i measc glúin nua cainteoirí. Is léir go bhfuil an tionscadal seo ag tacaú le hathbheochan na Gaeilge agus le sprioc an phobail.
Tá Conradh na Gaeilge ag tacú leis an tionscadal seo. Tá siad ag earcú bainisteoir cláir chun oibriú leis na scoileanna agus leis na heagraíochtaí áitiúla chun na líonraí agus na struchtúir phobail a chruthú agus a chur chun cinn. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag https://peig.ie/folúntais/clarbhainisteoir-pobal-oige-foraois/.
Cabhróidh na torthaí foghlama ón tionscadal píolótacha seo chun Foraois a fheabhsú agus a fhorbairt. Ansin, beidh an tionscadal in ann deiseanna a chur ar fáil do thuilleadh daoine óga ar fud na hÉireann. Is deis iontach é chun an Ghaeilge a fhorbairt i measc ghlúin óg na hÉireann.