Cóilín Duffy
Roghnaíodh Ailbhe Seoighe as an gCeathrú Rua mar Chailín Gaelach 2025 ag Comórtas Peile na Gaeltachta oíche Dé Domhnaigh, os comhair slua mór san ollphuball arna urrú ag Comhairle Contae na Mí.
Bhain Ailbhe, atá fiche bliain d’aois agus ina mac léinn le Léann na Cumarsáide agus an Aistriúcháin in Ollscoil na Gaillimhe, an comórtas tar éis iomaíocht láidir ó chailíní ó gach cearn den tír.
Ba í Ailbhe an chéad iarrthóir a tháinig ar an ardán ar an oíche, agus ba í Máiread Ní Cheallaigh a bhí mar bhean an tí don ócáid a chuir i láthair í.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!