Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Grianghraf: Gergus Tuomey/Wikipedia
Tá an cháil ar Éirinn mar oileán glas, ach is beag duine a thuigeann cé chomh beag agus atá clúdach na gcoillte sa tír seo i gcomparáid le tíortha eile san Eoraip. Ag tús an 20ú haois, ní raibh ach thart ar 1% d’Éirinn clúdaithe le coillte. Tá an líon sin tar éis fás go suntasach le linn céad bliain anuas agus inniu tá timpeall 11% den stát faoi chrainn. Cé gur dul chun cinn é seo, tá sé fós faoi bhun an mheáin Eorpaigh, thart ar 40%.
Tá cúiseanna stairiúla leis an meath seo a tháinig ar chlúdach coillte na hÉireann agus baineann siad leis an gcoilíniú a rinne na Sasanaigh sa séú haois déag agus sa seachtú haois déag. Ar an gcéad dul síos theastaigh ó na coilíneoiri smacht míleata a fháil ar chríoch na hÉireann agus foscadh na reibiliúnach Gaelach a scrios.
Bhain na Gaeil, na tóraithe agus ropairí iomráiteacha ina measc, leas éifeachtach as na coillte mar thearmann míleata ar feadh blianta fada roimhe sin. An dara cúis a bhí ann, ar ndóigh, ná acmhainní ó thír choimhthíoch a sciobadh agus saibhreas a bhaint aisti. Is le hadhmad choillte na hÉireann a tógadh longa de chuid chabhlach ríoga na Breataine.
Tá an comhlacht stáit, Coillte, freagrach as bainistiú a dhéanamh ar chuid mhór de na coillte poiblí in Éirinn. Bunaíodh é sa bhliain 1988 agus tá sé ag plé le cur, fás agus fómhar crann, chomh maith le húsáid inmharthana na gcoillte a chur chun cinn. Cé go ndíríonn cuid mhaith den obair ar tháirgeadh adhmaid, tá tábhacht mhór ag baint freisin le caomhnú an dúlra, le fáilteachas turasóireachta agus le cosaint an chomhshaoil.
Is é an sprús Sitceach an crann is mó a fheictear sna coillte tráchtála in Éirinn. Fásann an crann seo go tapa agus oireann sé don aimsir fhliuch atá coitianta in Éirinn. Mar sin féin, tá roinnt imní léirithe ag lucht timpeallachta faoi na coillte aonchineálacha seo, mar ní thacaíonn siad go maith le bithéagsúlacht. Tá iarrachtaí ar siúl anois chun níos mó crainn dhúchasacha cosúil le dair, fuinseog agus beith a chur, chun cothromaíocht nádúrtha níos fearr a chruthú.
Tá ról lárnach ag na coillte i gcomhthéacs an athraithe aeráide freisin. Gníomhóidh crainn mar “shúiteoirí carbóin”, ag glacadh dé-ocsaíd charbóin ón atmaisféar agus á stóráil san adhmad agus sa talamh. Dá réir sin, tá pleananna ag an rialtas sa stát 26 chontae agus ag eagraíochtaí comhshaoil níos mó foraoisí a chur sna blianta amach romhainn, le sprioc 18% den stát a bheith faoi chrainn faoin mbliain 2050.
Ní hamháin gur acmhainn nádúrtha thábhachtach iad na coillte, ach tá luach sóisialta agus cultúrtha ag baint leo freisin. Baintear leas as go leor coillte poiblí mar áiteanna siúil, rothaíochta agus suaimhnis. Tá suim ar leith ag pobal na tíre i gcoillte mar chuid d’oidhreacht nádúrtha agus stairiúil na hÉireann.
Ceisteanna buntuisceanna
- Cad é an céatadán de thalamh stát na 26 chontae atá clúdaithe le coillte sa lá atá inniu ann?
- Cén fáth ar scrios na Sasanaigh na coillte in Éirinn sa seachtú haois déag?
- Cén leas a bhain na Gaeil as na coillte roimhe sin?
- Cén crann eachtrannach a bhfuil an tóir is mó air i gcoillte tráchtála na hÉireann?
- Luaigh dhá fheidhm atá ag an eagraíocht Coillte mar eagraíocht.
- Cén fáth a bhfuil tábhacht ag baint le coillte i gcomhthéacs an athraithe aeráide?
- Cén sprioc atá ag rialtas stát na 26 chontae maidir le clúdach coillte faoin mbliain 2050?