An tSíocháin Chaillte, 1974

An tseachtain seo caite, cuireadh síos ar na hiarrachtaí a rinneadh teacht ar réiteach síochána idir Óglaigh na hÉireann Shealadacha agus rialtas na Ríochta Aontaithe idir 1972 agus 1974. Cíorann an t-alt seo an méid a thit amach idir 1974 agus 1975.

An Dr. Fearghal Mac Bhloscaidh

Bíodh sin mar atá, shíl na hÓglaigh go raibh siad ag plé le Cioclóp ach i bhfirinne Ceirbearas a sheas rompu agus na cinn ag tarraingt i dtreonna éagsúla air. Ach nuair a rinne baill den chléir Phrotastúnach teagmháil le Comhairle an Airm, chonacthas dóibh gur deis í seo chun an próiseas síochána a bhrú chun cinn. 

Ar an 10 Nollaig 1974, bhailigh toscairí na Sealadach le baill den chléir Phrotastúnach in óstán sa tsráidbhaile an Fhiacail, Contae an Chláir. D’fhreastail Ó Brádaigh, Ó Conaill, Billy McKee agus an triúr a d’éalaigh as Muinseo an tSamhain roimhe. Tháinig deireadh gan choinne ar an chruinniú, áfach, nuair a rinne brainse speisialta na nGardaí ruathar ar an óstán. 

Ar an 18 Nollaig 1974, bhuail an chléir le Merlyn Rees agus thug cáipéis dó inar éilíodh ar an Bhreatain: líon na dtrúpaí a laghdú; príosúnaigh a scaoileadh saor; agus dearbhú nach raibh leas coigríche acu in Éirinn. Ar an 20 Nollaig 1974, d’fhógair Comhairle an Airm sos cogaidh don Nollaig agus ar Lá Nollag, tháinig Brendan Duddy chuig Ó Brádaigh i Ros Comáin le litir ón Bhreatain ag éileamh “struchtúir díscoir” a phlé. Faoin am seo, bhí ceannasaíocht na Sealadach i dteagmháil le rialtas na Ríochta Aontaithe (trí MI6) le bliain anuas.

D’aontaigh Billy McKee páirt a ghlacadh sna cainteanna síochána fad is go mbeadh finné ann. Ar an 7 Feabhra 1975, d’fhógair an dá thaobh sos cogaidh a thosódh an lá dár gcionn. Níorbh fhada gur chuir na hÓglaigh mímhacántacht i leith na Breataine. Mhair an sos, áfach, agus, ar an 21 Meitheamh 1975, dúirt rialtas na Breataine, “Tá dhá bhóthar ann, ach tá siad ag dul sa treo chéanna—ach tá gluaiseacht na Poblachta ag taisteál níos gaiste ar a mbótharsan ná mar a bhí an Bhreatain ar an bhóthar s’aicise.”

I ní na Bealtaine 1975, scaoileadh Lenny Murphy saor ón phríosún—agus thosaigh ré nua uafáis lena “bhúistéirí”. Ar an 31 Iúil 1975, rinne Drong Ghleanáin ár ar an Miami Showband, ag marú trí bhall. Mhaígh finné súl agus ball den bhanna, Des McAlea, go raibh sé “200% cinnte go raibh Robert Nairac páirteach san ionsaí.” 

Ar an 13 Lúnasa 1975, phléasc na Sealadaigh buama i mbeár ar Bhóthar na Seanchille, 6 Phrotastúnach maraithe (duine acu ina bhall den UVF). Ar an 22 Lúnasa 1975 d’fhag  Drong Ghleanáin buama i dteach tábhairne in Ard Mhacha, triúr maraithe. 

Ar an 24 Lúnasa 1975, mharaigh seicphointe bréagach den UDR beirt ag Alt na Meacan, thart ar an Bhaile Úr in Ard Mhacha. Ar an 1 Meán Fómhair, mharaigh an drong Denis Mullen, ball den SDLP, ar an Mhaigh i dTír Eoghain. An lá céanna, scaoil na Sealadaigh urchair isteach i halla buí i dTullach Uí Mealláin taobh amuigh den Bhaile Úr agus mharaigh siad cúigear. 

Ar an 4 Eanáir 1976, mharaigh Drong Ghleanáin cúigear in ionsaithe ar dhá theaghlach Chaitliceacha, muintir Uí Riabhaigh agus muintir Uí Dhúda. An lá dar gcionn, mharaigh na sealadaigh deichniúr Protastúnach ag Muillean an Rí. Bhí an cruinniú deiridh idir an Bhreatain agus na Sealadaigh ar an 10 Feabhra 1976 – ní bheadh caint ar an tsíocháin arís ar feadh breis is deich mbliana.

D’admhaigh daoine mór le rá sna Sealadaigh gur chuir an seicteachas seo déistin orthu agus gur lig sé don Bhreatain tabhairt le fios nach raibh inti ach “muicín sa lár” idir dhá phobal “chraiceáilte, neamhréasúnacha”. I ndiaidh Mhuillean an Rí, thug Merlyn Rees “straight gangsterism” ar fheachtas na nÓglach agus rinne comparáid idir na hionsaitheoirí agus Al Capone. 

Ach léirigh eachtraí na tréimhse seo claonpháirteachas ó thaobh Dhrong Ghleanáin. Le linn na gcomhráití leis na Sealadaigh, ghlac Rees le straitéis nua, “coiriúlú” – deireadh a chur leis an imtheorannú (stádas catagóra speisialta) agus poblachtaigh a chur sna H-Bhlocanna mar ghnáthchoirpigh; agus “Ultú” a chur i bhfeidhm, is é sin le rá na péas agus an UDR a úsáid in áit an airm (seachas in Ard Mhacha Theas). 

D’fhéadfaí a mhaoímh gur sop in áit na scuaibe a bhí sna cainteanna ó thús nó dallamhullóg mar sin de. Shíl an Bhreatain gur leag siad bunchloch i gclós an bhristeora fá choinne ghluaiseacht na poblachta nuair a tógadh na H-Bhlocanna, ach i ndáiríre, bhí sí ag cur cloch chora in athbheochan na Sealadach. Tháinig dream nua i gceannas ar na Sealadaigh i ndiaidh an tsosa cogaidh—grúpa tuaisceartach a tháinig i méadaíocht i bpiolóid an chogaidh. Ach sin scéal eile ar fad.

Chreid na hÓglaigh um Nollaig 1974 go raibh siad ar bhruach na síochána ach le bua na hiarghaoise is dócha nach raibh i bhfoclaí na Breataine ach caint san aer, agus nach raibh smacht ag an rialtas thofa ar a bhfórsaí féin, MI5 go háirithe, nó gur chuir siad cluain ar na hÓglaigh le geallúintí bréagacha – nó gur chleacht Séan Buí an bheirt acu in aon dul amháin.


Is léachtóir sinsearach i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste, é an Dr. Fearghal Mac Bhloscaidh. Cíorann a thaighde na naisc idir an aicme, an tseicteachas agus an idé-eolaíocht. Bhí sé ina chomheagarthóir ar Bread Not Profits: Provincial Working-Class Politics during the Irish Revolution, a foilsíodh in 2022.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.