Insíonn Caoimhín Ó Cadhla na scéalta a bhaineann le hóige Chú Chulainn
San alt deireanach bhreathnaíomar ar chomhthéacs scéalta Chú Chulainn. San alt seo breathnóimid ar na scéalta a bhaineann lena óige.
Conas a gineadh agus a rugadh Cú Chulainn? Chuaigh ealta éan go hEamhain Mhacha agus d’ith siad gach ribe féir a bhí ar an talamh ansin. Chuaigh cuid de na gaiscígh Ultacha ina gcarbaid ar thóir na n-éan, Conchubhair mac Neasa, Rí Uladh, ina measc. Ba í deirfiúr Chonchubhair, Deichtine, a thiománaí carbaid. Nuair a shroich siad Brú na Bóinne bhí an oíche ag teacht agus sneachta ag titim. Thug lánúin a bhí ina gcónaí i dteach ansin lóistín na hoíche do na gaiscígh. Dúirt fear an tí go raibh a bhean i dtinneas clainne. Chuaigh Deichtine anonn chuici chun cuidiú léi. Rug sí buachaill, agus ag an am céanna rug searrach dhá láir ag doras an tí. Thóg na gaiscígh an dá láir go dtí an leanbh. Nuair a tháinig an mhaidin, bhí na gaiscígh ina n-aonar seachas an leanbh agus an dá láir. Chuaigh siad ar ais go hEamhain Mhacha ach tháinig tinneas ar an leanbh agus fuair sé bás. Bhí Deichtine croíbhriste, agus nuair a thóg sí deoch chuaigh créatúr beag isteach ina béal agus í ag ól. Bhí brionglóid aici an oíche sin gur tháinig Lú chuici agus go ndúirt sé gurbh é athair an linbh é agus go dtiocfadh an leanbh ar an saol arís trí Dheichtine. Thosaigh sí ag iompar clainne agus bhí amhras ann gurbh é Conchubhar, a deartháir, athair an linbh. Dá bhrí seo thug Conchubhar Deichtine mar bhean chéile do dhuine dá ghaiscígh, Sualdamh. Chaill Deichtine an leanbh a bhí á iompar aici, ach d’éirigh sí torrach arís, lena fear Sualdamh an iarraidh seo, agus rugadh mac di darb ainm Sétanta.

Seo mar a fuair Cú Chulainn a ainm. Lá amháin fuair Conchubhar cuireadh go féasta agus dúirt sé le Sétanta teacht leis. Dúirt Sétanta go raibh sé gnóthach ag imirt cluichí agus go leanfadh sé é. Bhí an féasta á óstáil ag an ngabha Culann, agus bhí cú mór aige a bhí go maith ag cosaint a dhúin. Rinne Conchubhar dearmad a rá le Culann go raibh Sétanta ar a shlí go dtí an féasta agus chuir Culann an madra amach chun an áit a chosaint. Nuair a shroich Sétanta an dún, rinne an cú ionsaí air. Ach bhí Sétanta in ann é féin a chosaint agus lena chamán bhuail sé sliotar síos béal an chú agus mharaigh sé an cú leis an mbuile mharfach seo. Mhothaigh Sétanta ciontach as an gcú a mharú agus d’ofráil sé do Chulann go ndéanfadh sé cosaint ar an dún go dtí go bhfaigheadh Culann cú eile. Tugadh Cú Chulainn air ón lá sin ar aghaidh.
I scéal eile faoi óige Chú Chulainn, nuair a bhí Sétanta air fós, léirítear a neart nuair a rinne sé iarracht dul go hEamhain Mhacha chun imirt leis na hógánaigh ansin. Shiúil sé leis ó Mhuirtheimhne i gceantar Oiriall, ag teilgean a gha roimhe agus ag breith air arís sula dtitfeadh sé go talamh. Chonaic sé na hógánaigh ag iomáint agus thosaigh sé ag imirt leo ar neamhchead dóibh. Chuir seo fearg ar na hógánaigh agus thosaigh siad ag caitheamh a gcamán, a sliotar agus a sciath air. Ach bhí Sétanta in ann é féin a chosaint ó na diúracáin sin. Tháinig fearg agus riastradh air. Leag sé 50 ógánach agus theith an chuid eile. Chuir an ruáille buáille seo isteach ar chluiche fichille a bhí á imirt ag Conchubhar agus Fearghas mac Róigh, agus ghabh Conchubhar Sétanta. D’ordaigh an rí dó síocháin a dhéanamh leis na buachaillí agus chuir a gcaomhnóirí cóir leighis ar na hógánaigh a bhí gortaithe.
Tugann na scéalta seo léirmheas dúinn ar chúlra Chú Chulainn. Sna seachtainí amach romhainn breathnóimid ar na scéalta a léiríonn a laochas.
Má tá tú ag iarraidh léamh faoi Chú Chulainn níl leabhar níos fearr ná Táin Bó Cuailgne le Darach Ó Scolaí ó Leabhar Breac.
Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath