In agallamh le Euronews Dé Luain seo caite dúirt an Taoiseach, Micheál Martin, gur cóir don Aontas Eorpach dul i ngleic leis an “mí-úsáid atá á déanamh ag an Ungáir ar cheart crosta”.
Luaigh sé an chaoi go bhfuil an Ungáir ag cur bac go rialta ar chúnamh don Úcráin sa chogadh leis an Rúis, agus dúirt sé nach cóir don AE glacadh leis sin sa todhchaí.
Sé an gníomh is deireannaí ó Victor Orban, príomhaire na hUngáire, ná a fhógairt go gcuirfidh sé bac ar aontachas na hÚcráine leis an AE, cros a chuirfidh deireadh le huaillmhian na tíre sin a bheith níos dlúithe leis an Iarthar.

Grianghraf: World Economic Forum / Boris Baldinger
Dúirt sé freisin go gcreideann sé go bhfuil dearcadh na hUngáire i gcoinne cearta daoine aeracha, mar shampla, ag teacht salach ar luachanna na hEorpa. “Tá ionstraimí ag an AE gur chóir dóibh iad a úsáid in aghaidh na hUngáire”, a dúirt sé.
Luaigh sé tionchar na meán sóisialta agus an chaoi go dtugtar neamhaird ar thuairimí daoine “eile.”
Ach thug Orban freagra ar an Taoiseach. Ag scríobh ar Twitter dúirt sé, “Bhí meas i gcónaí ag muintir na hUngáire ar Éirinn agus lucht tírghrá na hÉireann mar laochra na saoirse agus an neamhspleáchais náisiúnta. Dúinne is siombail den tsaoirse agus den neamhspleáchas í Éire.
“Mar gheall air seo, is ábhar bróin dúinn nuair a roghnaíonn laoch de chuid na hÉireann seasamh ar thaobh impireachta seachas neamhspleáchas náisiúnta.
“Ná mill an grá idir laochra na hÉireann agus laochra na hUngáire”!
Dúirt sé freisin go bhfuil sé ait go luann an Taoiseach nach dtugann tuairimí áirithe ar na meáin shóisialta meas ar thuairimí difriúla nuair atá sé féin ag déanamh beag is fiú de cheart na hUngáire tuairim dhifriúil a bheith acu ón tuairim atá ag Martin.
Tá an Ungáir, a dúirt sé, ag cloí le rialacha Aontas na hEorpa, agus má chreidimid go bhfuil moladh faoi leith ag teacht salach ar leas bunúsach na hUngáire tá an ceart againn leas a bhaint as cros.
Is cosúil ámh go bhfuil ráiteas an Taoisigh ag teacht leis an scéal ón gCoimisiún Eorpach nach nglacann le tuairimí contráilte agus atá ag iarraidh leas a bhaint as cosc ar pháirtithe agus ar iarrthóirí áirithe in ainm luacha an Aontais Eorpaigh a chosaint.
Tá le feiceáil an seasfadh cúirteanna na hEorpa leo má théann an Coimisiún ar aghaidh le cearta na hUngáire a chur ar ceal faoi Alt a Seacht. Bheadh sé riachtanach ámh do na ballstáit eile go léir aontú le próiseas den chineál sin, agus ní léir go mbeadh an tSlóvaic, mar shampla, sásta é sin a dhéanamh.