An bhfuil tú ag iarraidh lonnaíocht Gaeilge i mBaile Átha Cliath? Cuir in iúl do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath é

Caoimhín Ó Cadhla

Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tar éis comhairliúchán poiblí a thosú ag lorg moltaí i dtaobh baile nua a thógáil i mBaile Bhogáin i dtuaisceart na cathrach.  

Tá feachtas ann le tamall anuas le lonnaíocht Ghaeilge a bhunú i mBaile Átha Cliath. Tá deis ann anois a chur in iúl don chomhairle cathrach gur cheart, má tá baile nua le tógáil, lonnaíocht Ghaeilge a bheith ann.  

In aidhm CU049 de Phlean Forbartha Chathair Bhaile Átha Cliath deir sé go bhfuil an chomhairle chun tacú le “Gaeltacht” a fhorbairt i mBaile Átha Cliath. Is féidir do thuairimí a chur in iúl ag an nasc seo: https://consult.dublincity.ie/ga/consultation/draft-ballyboggan-masterplan. Tá go dtí Dé Luain an 12 Bealtaine agat le d’aighneacht a chur isteach.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.