Rialtas na Ríochta Aontaithe ag lorg achomhairc ón Chúirt Uachtarach maidir le cás Sean Brown

Tá an rialtas sa Ríocht Aontaithe ag iarraidh achomharc a thaisceadh leis an Chúirt Uachtarach i Londain maidir le rialú cúirte a ordaíodh dóibh fiosrúchán poiblí a dhéanamh maidir le dúnmharú Sean Brown

Jack Mac Íomhair

Tháinig ráiteas ó rialtas na Ríochta Aontaithe tar éis cinneadh ó bhreithiúna ag an Chúirt Achomhairc i mBéal Feirste a dhaingnigh rialú ón Ard-Chúirt ag cur iallach ar Rialtas na Ríochta Aontaithe fiosrúchán poiblí a dhéanamh maidir le dúnmharú Sean Brown. 

Dúirt na breithiúna go dtiocfaidh an t-ordú deireanach i bhfeidhm ar an 2 Meitheamh. Bhí an Rúnaí Stáit Hilary Benn ag lorg níos mó ama chun machnamh a dhéanamh ar an rialú ón Chúirt Achomhairc a rinneadh i mí Aibreáin. 

Bhí an teaghlach Brown sa Chúirt Dé hAoine seo caite arís leis an chinneadh dheireanach seo a chluinstin, agus thug lucht tacaíochta bualadh bos dóibh agus iad ag siúl chun na cúirte. Bhí ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald agus an Chéad-Aire Michelle O’Neill ina measc siúd a thug tacaíocht don teaghlach taobh amuigh den chúirt.

Hilary Benn

Dúirt urlabhraí de chuid an rialtais go raibh sé ar intinn acu achomharc a dhéanamh i gcoinne na breithe mar ardaíonn an breithiúnas agus téarmaí an ordaithe shainordaithigh ceisteanna a bhfuil tábhacht bhunreachtúil ag baint leo, tábhacht a bhaineann le níos mó ná an cás seo amháin.

Taobh amuigh den chúirt tar éis na héisteachta dúirt iníon Sean Brown, Clare Loughran, go bhfuil faoiseamh ar an teaghlach agus go léiríonn an cinneadh go raibh an ceart acu. Dúirt sí go bhfuil 4 seachtaine ag Hilary Benn lena intinn a athrú, agus níor mhaith leo go mbeidh ar a máthair, atá 87 bliain d’aois, dul go Londain chun feachtas a dhéanamh ar son fiosrúchán poiblí.

Chualathas an bhliain seo caite trí ábhar faisnéise go raibh níos mó ná 25 duine, gníomhairí stáit san áireamh, nasctha le dúnmharú Sean Brown. Dúirt cróinéir i Márta nach féidir dul ar aghaidh le hionchoisne Brown mar gheall ar eolas a coinníodh siar de bharr slándáil náisiúnta. Ardaíonn an scéal ceisteanna faoi neodracht rialtas na Ríochta Aontaithe i gcásanna oidhreachta agus feicfear cad iad na chéad chéimeanna eile a bheas ag an rialtas roimh an 2 Meitheamh. 

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.