Tharla Ár Ghleann Comhann ar an 13 Feabhra 1692. Tá sé ar cheann de na himeachtaí is mó scannal i stair na hAlban agus cuimhnítear air go fóill. Tharla an t-ár i ngleann iargúlta Ghleann Comhann, áit a raibh craobh de Chlann Mhic Dhòmhnaill ina gcónaí, le linn tréimhse corraithe polaitiúil i ndiaidh na Réabhlóide Glórmhaire.
I ndiaidh dhíbirt an rí Chaitlicigh Séamas VII na hAlban, Séamas II Shasana, in 1688, tháinig an lánúin Phrotastúnach Liam III (nó Liam Oráiste, mar is fearr aithne air) agus Máire II i gcomharba air. D’éiligh siad ar gach taoiseach fine sna Garbhchríocha mionn dílseachta a thabhairt faoin 1 Eanáir 1692, le pardún mar chúiteamh. Chuir go leor finte, Fine Mhic Dhòmhnaill Ghleann Comhann san áireamh, an mionn siar, ag fanacht le cead ó Shéamas VII ar dtús. Ní bhfuair siad an cead sin go dtí deireadh mí na Nollag 1691.

Íomhá: Fearann Poiblí
Rinne Alasdair MacIain, taoiseach Fhine Mhic Dhòmhnaill i nGleann Comhann, iarracht an spriocdháta don mhionn a bhaint amach nuair a chuaigh sé go dtí an Gearasdan chun an mionn a thabhairt. Ní raibh breitheamh ar fáil ann, mar sin chuaigh sé go hInbhir Aora, áit ar thug sé an mionn ar an 6 Eanáir; tar éis an dáta oifigiúil. Mar sin féin, shocraigh an rialtas, go háirithe an Rúnaí Stáit Sir John Dalrymple, slad a dhéanamh ar Fhine Mhic Dhòmhnaill chun scéin a chuir ar na finte “mídhílse” uilig.
Ag deireadh mhí Eanáir 1692, tháinig timpeall 120 saighdiúir ó Reisimint Iarla Argyll, faoi cheannas an Chaptaein Robert Campbell as Gleann Lìomhann, go Gleann Comhann ag ligean orthu go raibh siad ag bailiú cánacha. De réir nósanna fáilteachais na nGarbhchríoch, chuir Fine Mhic Dhòmhnaill lóistín ar fáil dóibh.
Ar an oíche roimh an ár, tugadh orduithe gach duine faoi bhun 70 bliain d’aois a mharú. Maidin an 13 Feabhra, tosaíodh ar an slad. Maraíodh 38 duine agus bhí taoiseach an fhine, MacIain, i measc na marbh. Theith cuid mhór eile isteach sna sléibhte fuara, agus fuair roinnt acu bás den fhuacht.
Scaipeadh an nuacht faoin ár go forleathan agus chuir sé fearg ar an bpobal. Bhraith go leor ag an am gur sárú gránna ar nósanna óstachta na nGael a bhí san ár. In 1695, rinne Coimisiún Imscrúdaithe Pharlaimint na hAlban cur síos ar an eachtra mar rud mídhleathach agus éagórach. Níor gearradh pionós ceart ar an gcuid is mó de na daoine a bhí freagrach riamh, agus chuir an eachtra leis an gcoimhlint idir na finte Gaelacha agus an rialtas lárnach.
Ba shiombail d’fheall rialtais Ár Ghleann Comhann den chos ar bolg ar na finte, rud a spreag tuilleadh tacaíochta don ghluaiseacht Sheacaibíteach.
Dúirt an file Albanach William Edmondstoune Aytoun agus é ag scríobh faoin ár sa naoú haois déag, “Is eachtra é Ár Ghleann Comhann nach féidir agus nach cóir dearmad a dhéanamh air. Ba ghníomh den tréas agus den chruálacht is measa é – ba shárú barbartha ar gach dlí é, daonna nó diaga; agus léiríonn sé ina bhfealltacht is lofa fíorthréithe údair agus neartaitheoirí Réabhlóide”.
Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona. Foilseofar a leabhar is déanaí ‘Cath idir an pobal agus an murder machine’: Gluaiseacht na Gaelscolaíochta, 1973-2023 le Bradán Feasa ar an 8 Bealtaine.