Tá beartaithe ag imreoirí camógaíochta Chorcaí agus Phort Láirge brístí gearra a chaitheamh i gCluiche Ceannais na Mumhan Dé Sathairn
Tá an Cumann Camógaíochta tar éis a fhógairt go reáchtálfaidh siad Comhdháil Speisialta ar an 22 Bealtaine i bPáirc an Chrócaigh.
Tá an Chomhdháil Speisialta á glaoch chun rún nó rúin a phlé a thabharfadh rogha do gach imreoir scórta nó bríste gearr a chaitheamh agus iad ag imirt camógaíochta. Faoi thoscairí na comhdhála a bheidh sé glacadh nó diúltú don rún nó do na rúin seo. Tá toscairí ionadaíoch ar gach ball den chumann.
Tá an beart seo á dhéanamh i ndiaidh conspóide an deireadh seachtaine seo caite nuair a cuireadh iallach ar imreoirí ó Bhaile Átha Cliath agus Cill Chainnigh scórtaí a chur orthu féin roimh a gcluiche leathcheannais i gCraobh Shinsir Laighean i gClub CLG Naomh Cúchoigrí i mBaile Bhlainséir, tar éis dóibh dul chun páirce i mbrístí gearra mar agóid.