

Ó a scaip an nuacht go bhfuair an Pápa Proinsias bás maidin Luan Cásca tá tráchtairí na meán agus neart eile amuigh ag déanamh measúnú ar an gcineál pápa a bhí ann, agus tá tuairimí dearfacha den chuid is mó léirithe faoin bhfear féin agus faoina phápacht. Bhuail stróc agus taom croí é faoi dheireadh agus 88 bliain d’aois curtha de aige. Bhí sláinte an Phápa gan téagar ar feadh tamall fada agus chuaigh se i léig go mór thart ar dhá mhí ó shin nuair a tugadh isteach san ospidéal é le niúmóine, nuair a bhí sé ar feadh seala i mbaol an bháis. Tá sé suntasach gur éiligh sé sos comhraic in Gaza mar chuid dá óráid dheireannach ag Aifreann Dhomhnach na Cásca i gCearnóg Pheadair sa Róimh an lá roimh a bhás.
Ceannaire creidimh is ea an Pápa ar chraobh den Chríostaíocht ar a dtugtar an Eaglais Chaitliceach, agus meastar go bhfuil timpeall 1.4 billiún ball aici, an chuallacht chreidimh is mó ar domhan. Cé go nglactar leis gur institiúd fhíorchoimeádach í an Eaglais Chaitliceach, mar a bhíonn an chuid is mó d’eagraíochtaí creidimh, bhain an pápa seo leis an eite liobrálach di, go háirithe nuair a chuirtear é i gcomparáid leis an mbeirt phápaí a chuaigh roimhe, an Pápa Eoin Pól II (1978 go 2005) agus Beinidict XVI (2005 go 2013). Ón Dara Comhairle Vatacánach sna seascaidí ar aghaidh, tá an dá eite, na coimeádaigh agus na liobrálaigh, de shíor in iomaíocht lena chéile chun smacht a fháil ar anam na hEaglaise, coimhlint atá léirithe go héifeachtach ag an scannán Conclave a tháinig amach anuraidh.
B’as Buenos Aires na hAirgintíne é Jorje Mario Bergoglio, ainm breithe an Phápa, agus rugadh é sa bhliain 1936. Ba de bhunadh na hIodáile a theaghlach a theith óna dtír dhúchais chun éalú ó réimeas faisísteach Mussolini. D’oibrigh sé mar fhear dorais agus é ina fhear óg sula ndeachaigh sé i mbun na sagartóireachta leis na hÍosánaigh agus oirníodh é in aois a 33 bliana dó. Sa bhliain 2013 tháinig Bergoglio i gcomharbacht mar Phápa agus ghlac sé leis an ainm Proinsias in ómós do Naomh Proinsias Assisi chun tíosacht, simplíocht, neamhábharthacht agus bá leis na bochtáin a léiriú. Ba é an chéad phápa é narbh as an Eoraip dó agus a tháinig ó leathsféar theas an domhain, ó Ilchríoch Mheiriceá Theas.
I gcomparáid leis na pápaí roimhe, chas a phápacht i dtreo níos liobrálaí. Léirigh sé trua agus daonnacht do neart dreamanna ar an imeall cosúil le teifigh, daoine ar a ngannchuid, daoine aeracha agus do mhuintir Gaza. Ghabh sé leithscéal as an gcaoi ar chaith an Eaglais le pobail dhúchasacha le linn thréimhse na coilíneachta, agus le hiospartaigh mí-úsáide gnéis. Níor thaitin a phápacht leis na coimeádaigh agus leis an eite dheas.
Beidh tréimhse bhróin ann go dtí a shochraid Dé Sathairn seo chugainn agus caoineadh oifigiúil ar siúl ar feadh seacht lá. Ansin baileoidh na cairdinéil uile ó gach cearn den domhain le chéile sa Róimh go luath i mí na Bealtaine agus rachaidh siad gcomhairle lena chéile faoi ghlas sa Séipéal Sistíneach chun pápa nua a thoghadh i gcomhthionól na gcairdinéal. Go hiondúil leanann an comhthionól ar aghaidh ar feadh tréimhse idir dhá agus cúig lá agus caitear vóta ceithre huaire in aghaidh an lae. Nuair nach dtoghtar pápa scaoiltear deatach dubh ó shimléir an tSéipéil Shistínigh, ach nuair a thoghtar pápa nua, scaoiltear deatach bán, ansin ó bhalcón Bhaisleac Naomh Peadar fógraítear habemus papam, is é sin “tá pápa againn”, don saol uile.
Beidh le feiceáil cén cineál pápa a thiocfaidh i gcomharbacht ar Phroinsias, ach ní dócha go bhfeicfear a leithéid arís!