In ainneoin an mhaímh mhóir ag an Uachtarán Donald Trump nár thosaigh sé aon chogadh nua le linn a chéad téarma agus an gealltanas a thug sé nach dtosódh sé ceann sa dara tréimhse dó, tá an chosúlacht ar an scéal anois go bhfuil bagairt mhór ann go mbrisfidh cogadh amach idir na Stáit Aontaithe lena gcomhghuaillithe Iosrael i gcoinne Phoblacht Ioslamach na hIaráine. Is cinnte gurb iad na Meiriceánaigh a bheidh mar údar dó sa chaoi go bhfuil siad ag bogadh saighdiúirí agus armlón go ceantar na Murascaille. Tá na hIosraelaigh, agus Netanyahu go háirithe, ag gríosadh an chogaidh seo le fada an lá.
In ainneoin an droch-chaidrimh agus an teannais atá ann idir an t-aon sárchumhacht, na Stáit Aontaithe, agus an Iaráin le breis is daichead bliain, níor bhris cogadh dearg amach eatarthu go dtí seo. Tá na Meiriceánaigh tar éis trí thír i gcóngar chríoch na hIaráine a scrios, an Afganastáin, an Iaráic agus go hindíreach an tSiria. D’fhógair an t-iar-Uachtarán George ‘Dubya’ Bush na hIaránaigh (maraon leis na hIarácaigh agus na Cóiréigh Thuaidh) mar chuid d’Ais an Oilc sa bhliain 2002, bliain sula ndearna sé ionradh ar an Iaráic, agus na milliúin maraithe dá bharr.