
Den chuid is mó, bíonn tráchtairí polaitíochta agus eacnamaíochta na hEorpa, agus na hÉireann leo, compordach leis an scéalaíocht go bhfuil Donald Trump ag scriosadh gheilleagar na Stát Aontaithe, agus gheilleagar an domhain leis, agus gur amaidí gan chéill iad na beartais taraifí agus eile atá déanta aige.
Ach tá fadhbanna ag dul i méad i ngeilleagar na Stát le tamall. Agus an chúis atá leis ná fiacha. Mheas Oifig Buiséid na Comhdhála i Meiriceá go méadódh an t-easnamh buiséid don bhliain fhioscach 2020 go $3.3 trilliún nó 16% OTI , níos mó ná trí oiread níos mó ná 2019 agus an céatadán is airde OTI ó 1945 i leith.
I mí na Nollag 2021 measadh go raibh fiachas ag an bpobal ag 96.19% den OTI, agus bhí thart ar 33% den fhiachas poiblí seo faoi úinéireacht eachtrannach, idir rialtais agus daoine príobháideacha.