Gach lá in Éirinn bíonn 60,000 dalta scoile as láthair, dar le Parentline, eagraíocht a chuireann tacaíocht neamhbhreithiúnach ar fáil faoi rúnagus saor in aisce do thuismitheoirí agus caomhnóirí sna 26 chontae.

Go minic bíonn tuismitheoirí i gruachás, gan a fhios acu conas is féidir leo cabhrú, go háirithe le déagóirí atá an-imníoch, feargach, agus fiú foréigneach nuair a dhéanann tuismitheoirí iarracht iad a mhealladh chun dul ar scoil.

Mar athair déagóra atá ag diúltú dul ar scoil faoi láthair, bhí mé i dteagmháil le déanaí le roinnt tuismitheoirí eile a bhfuil taithí chomhchosúil acu. Rud amháin a sheas amach dúinn uilig ná go raibh imní shóisialta ag cur as dár bpáistí cheana féin, sular tháinig dianghlasáil COVID, agus gur thárla dícheangal ón gcóras oideachais i rith na tréimhse sin. Cé gur fhill siad ar scoil go fisiciúil ina dhiaidh sin, níor éirigh leo athcheangal ceart a dhéanamh leis an saol scoile arís. Thar thréimhse bliain nó dhó bhí sé soiléir gur fhadhb fhorleathan a bhí ann.

Is é Túsla an ghníomhaireacht stáit atá freagrach as leasa agus cosaint leanaí. Tá dualgas ar scoileanna Tusla a chur ar an eolas nuair a bhíonn dalta as láthair ar feadh líon áirithe laethanta sa bhliain. Má tharlaíonn sé seo, gheobhaidh tú glaoch gutháin ó oibrí de chuid Tusla, agus ag brath ar an duine a ghlaonn ort, tá seans ann go bhfaighidh tacaíocht agus comhairle úsáideach nó, mura bhfuil an t-ádh ort, gheobhaidh tú cáineadh agus cómhaslú.

Fuair mise glaoch ó ionadaí de chuid Tusla, agus thosaigh sí leis an gceist “cén fáth nach bhfuil do pháiste seolta agat ar scoil le coicís anuas?” Cheapfá gur pacáiste í mo pháiste, a d’fhéadfainn a sheoladh lán díreach sa phost chun na scoile.

Labhair mé le tuismitheoirí eile ag an deireadh seachtaine a raibh an taithí chéanna acu; ceistiú achrannach, neamhthorthúil, gan tacaíocht ar bith. Ar ndóigh, tá an cás déagóra 17 mbliana d’aois atá ag diúltú freastal ar scoil go hiomlán difriúil ó thuismitheoirí nach gcuireann páiste 7 mbliana ar scoil. Ach déanann cur chuige tromláimhe Tusla neamhaird iomlán ar an difríocht sin, amhail is gur teip thuismitheoireachta atá sa dá chás mar an gcéanna.

Go minic is mar seo a leanas a théann teachtaireacht ó Tusla: “Caithfidh tú iarracht níos mó a dhéanamh,” gan aon fhíorthacaíocht do theaghlaigh. Is deis mhór chaillte í seo, agus, mar atá róchomónta le gníomhaireachtaí rialtais in Eirinn, léiríonn sé easpa comhórdú. Tá acmhainní eile ar fáil do thuismitheoirí déagóirí atá ag diúltú freastal ar scoil, ach ní bhíonn a fhios ag tuismitheoirí fúthu, ach amháin ó thuismitheoirí eile. Seo cúpla leid, mar sin:

  • CAMHS, seirbhís meabhairshláinte óige sna 26 contae. Nach bhféadfadh Túsla cuidiú maidir le tagairtí?
  • Family Support NI, a chuireann réimse de thacaíochtaí teaghlaigh ar fáil sna 6 chontae.
  • NVR Ireland, a chuireann uirlisí ar fáil do thuismitheoirí sna 26 chontae chun coimhlintí a réiteach le déagóirí atá feargach agus fiú foréigneach. Labhair mé le hathair a dhein an cúrsa, agus dar leis, tá sé tar éis coimhlintí lena mhac déagóir a laghdú go mór.
  • Parentline, a chuireann tacaíocht faoi rún, saor in aisce agus gan bhreithiúnas ar fáil do thuismitheoirí sna 26 chontae.
  • Children in Northern Ireland, a chuireann cabhairlíne, oiliúint agus comhairle ar fáil do thuismitheoirí sna 6 chontae.
  • Youthreach, clár rialtais sna 26 chontae a chuireann roghanna oideachais ar fáil do dhaoine óga a tharraingt as scoil. Níl an suíomh gréasáin ann a thuilleadh, nó pointe lárnach le heolas cruinn ar fud an stáit, ach tá roinnt eolais úsáideach ar fáil ag https://www.citizensinformation.ie/en/education/further-education-and-training/youthreach

Tá go leor teaghlach in Éirinn i gcruachás mar seo, agus bíonn sé an-strusmhar do thuismitheoirí agus a bpáistí. Tá tacaíocht níos fearr tuillte acu, agus ní mór do ghníomhaireachtaí mar Tusla a bheith níos eagraithe chun an tacaíocht sin a thabhairt, seachas tuismitheoirí a chur ar an gcosán cosantach gan chabhair gan chomhairle. Tá acmhainní iontacha ar fáil cheana féin, ach mar gheall ar easpa comhordaithe, níl an t-eolas roinnte ar bhealach a bheadh úsáideach do na teaghlaigh atá i mbaol agus iad ag snámh in aghaidh easa. Agus is fadhb é sin gur féidir agus gur chóir a réiteach.

Oisín Mac Fhearaí

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.