Tá cáil ar an bpráta mar shiombail de bhia na hÉireann, ach an bhfuil sin fíor?
Mar a luadh cheana bhí cultúr ábhartha ag na Gaeil, rud nach n-aithnítear. Mar chuid den chultúr ábhartha sin tá bia na hÉireann. Níl cáil ar bhia na hÉireann timpeall an domhain, seachas ár ndeochanna meisciúla, ach an bhfuil sé sin cothrom? Breathnóimis ar an mbia sin agus b’fhéidir go mbeidh spéis agat níos mó de bhia na hÉireann a ithe.
An práta

Nuair a smaoinítear ar bhia na hÉireann is é an chéad rud a smaoinítear faoi ná an práta. Ach ní tiúbar dúchasach de chuid na hÉireann é an práta. Go dtí an 16ú haois, ní raibh an práta le feiceáil in Éirinn. Go deimhin, ní raibh a fhios ag na Gaeil faoin bpráta go dtí an t-am sin. Ó Mheiriceá Theas a tháinig sé. Deirtear gur thóg Walter Raleigh é go hÉirinn thart ar 1570. Scaip úsáid an phráta timpeall na tíre de réir a chéile go dtí gurbh é an príomhbhia a bhí ag na Gaeil. Is féidir maireachtáil ar an bpráta mar tá nach mór gach vitimín agus mianra ann. Bhí ar na Gaeil maireachtáil air de bharr dlíthe a thug na Sasanaigh isteach ar nós na nDlíthe Arbhair (féach alt Kerron maidir leis an ábhar seo). Dar ndóigh bhí tionchar aige sin ar an Drochshaol de bharr go raibh na Gaeil ag brath an iomarca ar chineál amháin bia. Ach sa lá atá inniu ann is é an práta fós príomhbhia na hÉireann.
Leite

Ach an cheist atá ann, céard a bhí na Gaeil a ithe roimh theacht an phráta? An freagra ná leite. Bhí leite á hithe ag na Gaeil i nach mór gach béile. Ach bhí cineálacha éagsúla leite ann nach bhfuil againn inniu. Bhí an leite chomh tábhachtach sin go luaitear í san Fhéineachas. Ba léiriú ar d’aicme an cineál leitean a bhí agat le hithe. Dá mba thuathánach thú d’íosfá leite déanta de choirce agus uisce. Ach dá mba de chlann ríoga thú, gheofá leite déanta de chruithneacht, bainne agus mil. Bhí leite á hithe sna tíortha Gaelacha go léir, Éire, Albain agus Oileán Mhanann. Mar sin is í an leite fíorbhia na nGael.
Ábhar déiríochta
Bhí cineálacha éagsúla ag na Gaeil annalód. Dar ndóigh, bhíodh gnáthbhainne bó á ól. Ach d’óltaí bláthach freisin, agus d’úsáidtí an bhláthach chun arán donn a dhéanamh. Dhéantaí im as an mbainne agus bhí piseog ann faoi dhéantús ime nach ngoidfeadh an chailleach an t-im, go háirithe ar lá Bealtaine. Tá cáil ar cháiseanna na hÉireann, mar shampla Cashel Blue ó Thiobraid Árainn agus Kilmeadean i gCorcaigh. Ach is é t-aon ábhar déiríochta nach bhfuil traidisiúnta ná t-iógart.
Bia eile

Ach d’ith na Gaeil bia eile annalód chomh maith. Ba bhreá le muintir an Bhlascaoid Mhóir uibheacha puifín agus an puifín féin. Éacht ba ea breith ar na héin seo, mar bhí ar na hoileánaigh dreapadh síos na haillte chun iad a aimsiú. Ar an gcósta bhí tóir ar iasc dar ndóigh. Bhí suim ag muintir na Gaeltachta, agus tá i gcónaí, i bhfeamainn a ithe, agus itear cineálacha éagsúla feamainne ní hamháin ar mhaithe le cothú ach ar mhaithe le leigheas chomh maith. An mias is mó a shamlaítear le hÉirinn is ea an stobhach Gaelach. Tá an chéad tagairt don bhéile sin san 18ú aois. Coinníonn sé muid te sa gheimhreadh. Ná déan dearmad faoi bhagún agus cabáiste leis an anlann álainn peirsile. Go dtí le déanaí ní raibh mórán feola á hithe de bharr go raibh stró ann ainmhí a thógáil agus marú. Is d’ócáidí speisialta amháin a bhí an fheoil. Spéisiúil go leor, go dtí na 1950í is í an ghé a d’ití seachas turcaí ar Lá Nollag.
Ag breathnú ar na cineálacha éagsúla bia ansin, is féidir gur tír í Éire ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda. Tá súil agam go bhfuil ocras ort tar éis an t-alt seo a léamh. Téigh amach anois agus ith béile breá Gaelach!
Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.