Tithe dúchasacha na hÉireann

Céard iad tithe dúchasacha na hÉireann agus an easnamh mór iad i sochaí na hÉireann nach bhfuil níos mó acu ar fáil?

Caoimhín Ó Cadhla

Nuair a smaoinítear faoi bhéaloideas na hÉireann, ní smaoinítear mórán faoin gcultúr ábhartha mar chuid de. Ach cosúil le gach cultúr eile, mhair na Gaeil sa saol seo agus léiríodh an cultúr sin trína ngníomhaíochtaí. Bhí tógáil tithe ar ar cheann de na gníomhaíochtaí sin. Má théann tú go dtí go leor tíortha eile san Eoraip is é an phríomhshlí a mbíonn a fhios agat go bhfuil tú sa tír dhifriúil sin ná trí bhreathnú ar na foirgnimh. Ach i gcás na hÉireann ní mar sin atá sé. Tá fáth leis seo agus is é sin an coilíneachas. Ach ní raibh sé mar seo i gcónaí. Breathnóimid ar stair fhoirgnimh na hÉireann.

Ar na chéad tithe a thóg na Gaeil bhí na crannóga. Lonnaíochtaí ba iad na crannóga a tógadh ar oileán lámhdhéanta. Ní hamháin gur lonnaíochtaí a bhí iontu, ach b’áiteanna cosanta iad freisin, agus choinnigh siad beithígh agus leanaí istigh chomh maith. Bhí na crannóga seo déanta d’adhmad agus is é sin an bunús leis an bhfocal crannóg. Le teacht na Críostaíochta thóg na manaigh séipéil agus cealla (seomraí leapa na manach) de chloch.  Sampla iontach d’fhoirgneamh mar seo ná Séipéilín Ghallarais i gCorca Dhuibhne a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann. I ndiaidh ré na gcrannóg bhí na Gaeil ina gcónaí i dtithe ciorclacha déanta d’adhmad. Nuair a tháinig na Normannaigh thóg siad foirgnimh mhóta agus bábhúin, ba é sin foirgneamh déanta d’adhmad nó de chloch ar thalamh ard. De réir a chéile thosaítí ag tógáil caisleán in ionad na bhfoirgneamh móta agus bábhúin. Tá samplaí iontacha díobh siúd timpeall na tíre, mar shampla Caisleán Chill Chainnigh agus Caisleán Bhaile Átha Throim. Chóipeáil na Gaeil an ailtireacht seo agus chruthaigh siad a gcaisleáin féin ina stíl féin, mar shampla Caisleán na Blarnan, a bhfuil an chloch cháiliúil ann a bhí ag Clann Mhic Cárthaigh, agus Caisleán Dhún na nGall a bhí ag Muintir Uí Dhónaill.

Ach nuair a smaoiníonn tú faoi theach dúchasach de chuid na hÉireann smaoiníonn tú faoin teachín ceann tuí. D’fhorbair an teachín ceann tuí as na tithe ciorclacha a bhí in úsáid ag na Gaeil roimhe sin. Is iad gnáthmhuintir na hÉireann a bhí ina gcónaí iontu. Bhí siad le feiceáil timpeall na tíre. Ach bhí stíleanna éagsúla ag na tithe sin ag brath ar an gcuid den tír ina raibh siad lonnaithe. Úsáideadh na hábhair a bhí timpeall ar na tithe chun iad a thógáil, ceacht ba chóir do thógálaithe an lae inniu a fhoghlaim agus iad ag cur astaíochtaí carbóin amú ag aimsiú ábhair ó gach cearn den domhan. Bhí deighilt ann sa stíl in oirthear na tíre, a raibh tionchar níos mó ag Sasana orthu, i gcomparáid le hiarthar na tíre. Chomh maith leis sin i gCiarraí, Maigh Eo agus Dún na nGall bhí stíl éagsúil ansin, ailtireacht a cruthaíodh de bharr cúrsaí aimsire. De bharr go raibh sé chomh gaofar sna ceantair sin bhí chuirtí téada ar an tuí chun a chinntiú nach ndéanfadh an ghaoth damáiste don díon. Baineadh an ceann tuí de go leor de na tithe dúchasacha san fichiú haois agus cuireadh sclátaí orthu, rud a bhain an phearsantacht díobh. Tá ailtireacht dhúchasach eile sa tír nach smaoinítear fúithi go rómhinic mar ailtireacht dhúchasach agus sin iad na cúirteanna liathróide láimhe, a bhfuil go leor acu leagtha nó i mbaol a leagtha.

Samhlaítear na tithe ceann tuí seo le ceantair faoin tuath, ach bhí siad le feiceáil go forleathan i mBaile Átha Cliath chomh maith, mar a bhfuil samplaí go leor fós ann.

Cé go bhfuil deontas ar fáil ón stát ó dheas le haghaidh tithe ceann tuí, tá deacrachtaí ag úinéirí na dtithe seo árachas a fháil de bharr baol tine, cé go bhfuil ceimiceáin ann gur féidir a chur ar an tuí chun é a dhéanamh dódhíonach. Tá an deacracht seo ag cur as d’úinéirí féideartha na tithe seo a cheannach agus tugann sé spreagadh d’úinéirí a bhfuil tithe acu iad a dhíol.

Tá go leor de na tithe seo stairiúil, cuid acu cúpla céad bliain d’aois, ach níor cóir go mbeadh siad mar chuid den stair amháin. Ba chóir go mbeadh ailtirí ag dearadh tithe nua ar an stíl sin. Go deimhin ba chóir don stát reachtaíocht a leagan síos go mbeadh formhór na dtithe nua atá á dtógáil sa stíl seo chun féiniúlacht na tíre a léiriú agus pearsantacht a thabhairt do na tithe seo.  

Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.