Clochmhíle stairiúil bainte amach agus Coimisinéir Gaeilge á earcú sna sé chontae

D’fhógair Oifig an Fheidhmeannais go gcuirfear tús oifigiúil le ceapadh an chéad Choimisinéara Gaeilge sna sé chontae. 

Jack Mac Íomhair 

Ar an 5 Márta d’fhógair Oifig an Fheidhmeannais i mBéal Feirste go gcuirfidh siad tús le próiseas earcaíochta chun Coimisinéir Gaeilge a cheapadh. Ritheadh an tAcht Féiniúlachta agus Teanga in 2022 in Westminster. Mar chuid den Acht cuirfear Oifig an Choimisinéara Gaeilge ar bun fosta. Chomh maith le Coimisinéir Gaeilge beidh Coimisinéir Ultaise agus an Traidisiúin Ultach-Bhriotánaigh ann chomh maith. 

Dúirt Uachtarán nuathofa Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, ‘Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte mhór roimh an fhógra stairiúil go bhfuil an chéad Choimisinéir Gaeilge i stair an stáit ó thuaidh le ceapadh. Ní mór aitheantas a thabhairt do na scórtha mílte Gael a shiúil bóthar fada, a sheas an fód, a tháinig amach chun sráide agus a thug dúshlán an stáit arís agus arís eile fríd na blianta.’

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.