An cuid den fhreasúra iad cuid den rialtas?

Eoin Ó Murchú

Nach í Alice in Wonderland a dúirt go gciallaíonn focal an rud a theastaíonn uaim go gciallóidh sé? Nach mar an gcéanna iarracht an rialtais stádas freasúra a thabhairt ar dhream teachtaí a chuir in oifig iad agus a gheall go gcoinneoidís ann iad?

Níl aon réiteach ar an raic idir an rialtas agus an freasúra, freasúra aontaithe go deimhin faoi chearta labhartha sa Dáil. Tá an rialtas ag baint leas as an móramh atá acu le riail nua a bhrú tríd a thabharfaidh aitheantas faoi leith don dream a bhaineann le Michael Lowry.

Cén fáth go bhfuil an rialtas sásta an oiread sin dúthrachta a chaitheamh leis an scéal seo, ach amháin gur cuid den socrú a rinne siad le Michael Lowry é le clár rialtais a chur le chéile?

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.