Táthar ag súil go mbeidh an tIRA Úr, grúpa atá freagrach as ar a laghad 7 ndúnmharú, ag fógairt sos comhraic tar éis cainteanna le Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe.
Tá an tIRA Úr i mbun cainteanna i gcomhair sos comhraic tar éis brú ar an ghrúpa ó MI5 agus athrú i gceannasaíocht an ghrúpa. Bhí brú ar Thomas Ashe Mellon, a maítear go raibh sé ina cheannaire ar an IRA Úr, mar gheall ar a chomhghleacaithe a bhí ag lorg sos comhairc roimh an Nollaig. D’éirigh an fear a maítear go raibh sé ina cheann foirne ar ghrúpa Kevin Barry Murphy as a ról chomh maith tar éis dóibh beirt orduithe le dul ar shos comhraic sealadach a dhiúltú ag tús na bliana.
Cuireadh tuilleadh brú ar an ghrúpa ag tús na bliana fosta mar gheall ar theachtaireacht a sheol MI5 chuig baill den ghrúpa. Ag a 5 a chlog ar lá na bliana úire fuair na scórtha ball den IRA Úr teachtaireacht ag iarraidh orthu smaoineamh ar cad atá bainte amach acu. Lean an teachtaireacht ar aghaidh ag rá, ‘Tá amhras orm go bhfuil do ‘cheannairí’ ag smaoineamh fút agus tú ag dul i mbaol nuair atá siadsan ar an iliomad laethanta saoire le linn na bliana.’ Síltear gurbh é Thomas Ashe Mellon príomhthargaid an fheachtais.