An bhréag go bhfuil an ilchultúrthacht agus an t-aicmeachas in adharca leis an nGaelscolaíocht

Seans maith go bhfaca léitheoirí An Páipéar an ghearrthóg a chomhroinn an t-iriseoir Seán Mac an tSíthigh ar an suíomh  mallaithe sin X le déanaí; tá rudaí fiúntacha fós le fáil air. Buachaillín óg deich mbliana d’aois as an Úcráin darb ainm Misha Yerhidzé a labhair le Mac an tSíthigh. Theith sé ón gcogadh dhá bhliain ó shin lena mháthair agus chuir siad fúthu i mBaile an Fheirtéaraigh i gceartlár Ghaeltacht Iarthar Chiarraí. Ach níor labhair Misha óg leis an iriseoir i mBéarla, ba i nGaeilge líofa a labhair sé, agus blas breá Chorca Dhuibhne ar a chaint. Ní hamháin sin, ach bhí ceird an cheoil Ghaelaigh aige chomh maith agus é lánábalta an bosca ceoil a sheinm. Tá scéalta den sórt céanna tuairiscithe ag na meáin thall sa Bhreatain Bheag, páistí ón Úcráin a shúigh isteach an Bhreatnais gan mórán stró.

Chonaic beagnach milliún duine an físeán de Misha agus fágadh thart ar 300 nóta tráchta faoina bhun, a fhormhór mór dearfach. Mar is dual do na bómáin i bhfad amach ar an eite dheas bhí nimh éigin le craobhscaoileadh ag dornán beag acu faoin scéal. Arsa cuntas amháin, Real News Éire, a bhfuil 55,000 leantóir acu, i mBéarla ‘ah yes foreigners speaking Irish is precisely what Patrick Pearse envisioned’. 

Ba léir nach raibh tuiscint ar bith acu ar fhealsúnacht an Phiarsaigh, a thuig cumhacht na teanga chun pobail dheighilte na tíre a aontú. Agus é ag scríobh i ngeall ar an gcóras oideachais Sasanach in The Murder Machine, thagair sé do ‘na Gaeil agus na Gaill, agus muintir Uladh i lár an aonaigh’ a rachadh in adharca leis an gcóras oideachais ‘lofa’. Dar ndóigh, sa mhullach air sin, inimirceach ab ea athair an Phiarsaigh, saor cloiche as Birmingham Shasana a phós bean Éireannach. Ceannródaí oideachais a bhí sa Phiarsach agus, dá mbeadh sé beo inniu, d’fháilteodh sé roimh phoitéinseal imeasctha na Gaeilge do na hÉireannaigh nua.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.