Bhíodh milseáin ann, agus atá fós de réir an idirlín, cé ná feaca sna siopaí le blianta iad, darbh ainm Revels. Mionseacláidí a bhí iontu, iad go léir ar aon chuma ach blasanna éagsúla orthu. Ba é an spraoi a bhain leo ná ná beadh a fhios agat ag síneadh do láimhe isteach sa mhála duit cén blas a bheadh á dh’fháilt agat. D’fhéadfaí Malteser sóil a roghnú, nó seacláid stuama, rísín bog le cogaint dhóilíosach uaidh, taife nó oráiste gur chuma ann ná as iad, nó, mo léan géar an leanbh a phrioc an ceann seo, caife searbh.
Cuireadh Revels i gcuimhne dom le seachtain anuas agus mé ag freastal ar an bhféile dhramaíochta agus ealaíne Scene + Heard i mBaile Átha Cliath. Is féile í seo atá ar siúl ón 13 Feabhra go an 1 Márta, agus a leagann béim ar leith ar an nuascríbhneoireacht, gearrdhrámaí, ealaín taibhléirithe, agus seónna coincheapúla. Beidh 111 seó san iomlán ann i mbliana, á léiriú den chéad uair, ar feadh trí seachtaine in Amharclann Smock Alley, lonnaithe cois Life, ar thaobh theas na habhann.

Ritheann an fhéile seo le stair ársa dhramaíochta na láithreach. In 1662 d’oscail an Theatre Royal a doirse den gcéad uair, sa suíomh ina bhfuil Amharclann Smock Alley inniu. Ar feadh breis is céad bliain bhí an áit ina thearmann dramaíochta agus siamsaíochta, ag cur saothar mór le rá ó dhrámadóirí an tseachtú agus an ochtú haois déag chun stáitse, amhail George Farquhar, Oliver Goldsmith agus Richard Brinsley Sheridan. Tháinig athruithe áirithe ar an ionad ó shin, nuair a iompaíodh an foirgneamh ina shéipéal, go dtí 2012 nuair a osclaíodh Amharclann Smock Alley, 350 bliain ó tógadh an chéad amharclann ann. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, cuireadh an chéad Scene + Heard ar an bhfód, agus tá sé ag dul ó neart go neart.
Maidir le cur chuige na féile, léirítear seónna ina bpéirí, le dhá sheó i ngach bloc. Tá na bloic roinnte idir dhá spás léiriúcháin stairiúla; sa phríomhspás amharclannaíochta maraon leis an suíomh iontach radharcúil béal dorais i Scoil na mBuachaillí, le brící dearga na seaneaglaise mar chúlra stáitse, agus pasáiste adhmaid agus cruach ag sní timpeall shuíomh an léirithe ar thrí leibhéal mar a bheadh nathair tionsclaíochta.
Maireann gach seó thart ar 20 go 25 neomat an ceann, le briseadh cúig neomat eatartha. De bharr an ráta thapaidh athraithe seo, is fuirist don té a bhfuil spéis acu ann blaiseadh mínádúrtha fairsing a fháil dá bhfuil ag tarlú i saol ealaíne na hardchathrach. Tá idir ghreann agus drámaíocht, idir cheol agus rince léirmhínitheach ar taispeáint. Chonac seó amháin inar dheineadh seit fuirseoireachta bunaithe ar dhearadh fuaime cnó cócó agus ‘Foley’ set (Coconut Bit, le Michael Sullivan). Lean seo seó,a chuir mearbhall áirithe orm, faoi Dungeons and Dragons, an t-idirlíon, agus púicíní éanlaithe (Bird Face, but it’s a mask, le Jae O’Connor). Bhíos faoi gheasa ag an gciogal amhrán Shaving Ysbaddadden ón ngrúpa Poems Ago, a d’inis scéal miotaiseolaíochta ón mBreatain Bheag le giotár, fidil agus filíocht ó bhéal thar na bearta. Amhail an paca Revels, is é an ilghnéitheachacht bua na féile.
Is ardán thar a bheith tábhachtach é Scene + Heard do dhrámadóirí, aisteoirí agus ealaínteoirí neamhspleácha Bhaile Átha Cliath, áit inar féidir forbairt a dhéanamh ar thuairimí nua agus snas a chur ar scéalta trí iad a léiriú os comhair an phobail. Díreach roimis agus i ndiaidh gach seó, bailíonn foireann oibrithe eolas anaithnid ón slua faoina n-ionchais agus faoina dtuairimí ar a raibh feicithe acu, lucht féachana atá, den gcuid is mó, dearfach, tuisceanach agus tacúil. Cnuasaítear an t-aiseolas, agus dáiltear seo ar na healaínteoirí go díreach, an slua iompaithe ina ngrúpa fócais láithreach.
Cé gur i mBéarla an mhórchuid, tá ann do dhrámaí as Gaeilge nó taispeántais dhátheangacha (amhail Perfectionistá le Louisa Ní Éideáin) chomh maith.
“Tá sé cool go bhfuil rud mar seo ann” a deir Donagh Ó Ruadháin, aisteoir sa dráma Corchuimhne le hEmer Nic Róibín, a bhí ar siúl ar an 18 agus 19 Feabhra, “go bhfuil spás ann dúinn gur féidir linn an chéad seó a chur ar an stáitse. Agus do dhaoine [a ghlac páirt san fhéile] tá sé saor in aisce freastal ar sheóanna eile. Is rud iontach é sin don ealaín.”
“Fuaireamar slua mór…is dócha go bhfuil daoine níos compórdaí anois rudaí a fheiceáil i nGaeilge. Níl an eagla orthu is a bhí roimhe, b’fhéidir. Agus tá a fhios againn gur féidir linn rudaí kind of nua-aimseartha a dhéanamh as Gaeilge chomh maith, rud atá tábhachtach.”
Deir a chomhghleachaí, Fergus Keane, gurb é an ‘spás sábháilte’ an rud is mó a sheas amach dó.
“Tá daoine ag baint triail as smaointí nua, agus seans gur féidir foghlaim uaidh seo agus é [an dráma] a fhorbairt i dtreo an chéad leírithe eile, b’fhéidir sa Fringe i mí Mheán Fómhair.”
I gcomparáid le ceal gréine lár na míosa seo, tá teas Phoebus (nó seans na spotsolais) le brath go teolaí ar stáitsí Smock Alley.