Cainteanna Síochána

A Eagarthóir, a chara, 

Tá iarracht ollmhór ar siúl faoi láthair ag rialtas agus príomh-mheáin na 26 chontae dallamullóg a chur ar an bpobal faoin ngá le méid mór airgead poiblí a chaitheamh ar armlón agus trealamh míleata, agus muid i lár géarchéim thithíochta, shláinte agus oideachais.

Dar le Micheál Martin agus a chairde, tá bagairt mhór agus contúirt ann go ndéanfaidh an Rúis ionradh ar Éirinn, lá ar bith anois! Ar ndóigh ní fheiceann sé dúin mhíleata Shasana ar fud na 6 chontae. Gach seans go bhfuil siad ann chun muintir na hÉireann a chosaint ar na Rúisigh !

Bheadh seo ina cheap magaidh murach an brú ar na 26 chontae ón Aontas Eorpach agus a gcairde Sasanacha, dream atá ar mire chun armlón a dhíol, ar mhaithe lena gcomhlachtaí móra féin.

Ba cheart don phobal a bpolasaí neodrachta a chosaint thar aon ní. Is é beagnach an t-aon pholasaí neamhspleách atá fágtha ag an stát seo. I ngeallúint shollúnta a thug an tAontas Eorpach agus vóta Chonradh Liospóin ar siúl, tá  “glas triarach” againn a chuireann stop lena bpleananna míleata go fóill. Tá 3 choinníoll ann: cead ón rialtas; cead ón Dáil; agus cead ó na Náisiún Aontaithe.

Tá dhá fheachtas ag plé leis seo, gluaiseacht an phobail, a mbíonn agóid mhíosúil acu taobh amuigh de Theach Laighean, agus PANA, Comhaontas na Síochána agus na Neodrachta. Tá leabhrán nua ar fáil, Saving the Triple Lock, bunaithe ar chainteanna ó Catherine Connolly TD agus Niamh Ní Bhriain, má tá eolas breise ag teastáil.

Ach teastaíonn eagras faoi leith atá ar son na neodrachta agus á reachtáil trí mhean na Gaeilge, chun cur lena n-iarrachtaí, agus chun cainteoirí a chur ar fáil. Tá súil ag an Ionad Buail Isteach a bheith páirteach ina leithéid go luath.

Ba chóir don domhan go léir a bheith ag lorg síochána san Úcráin, agus i nGaza bocht go fíorphráinneach. Níl ciall ar bith le bheith ag béicíl ar son cogaidh i gcás amháin, agus ag iarraidh síochána san áit eile, mar atá rialtas na 26 chontae!

Údar gáire dúinn go léir príomh-aire Shasana ag deifriú go SAM chun smacht a chur ar pholasaí gnóthaí eachtracha na Stát Aontaithe, an chéad uair le céad bliain a bhí polasaí ag SAM atá iomlán neamhspleách ar impiriúlacht Shasana.

Go n-éirí go geal leo siúd go léir atá ag lorg síochána in 2025!

Is mise, le meas,

Proinsias Ní Mhurchú
ar son Ionad Buail Isteach na Gaeilge
Sr Essex Thuaidh, BÁC 2


Trump

A Eagarthóir, a chara,

Scríobh Eoin Ó Murchú faoi stair foréigneach na Stát Aontaithe, agus léirigh sé go bhfuil dearcadh Donald Trump mar a chéile leis. Dúirt sé nach bhfuil Trump sásta an lámh láidir a úsaid, agus tá an ceart aige; is fearr le Trump go ndéanfadh daoine eile an obair shalach. 

D’fhógair Trump ordú feidhmiúcháin i gcoinne cúram sláinte coitianta a thabhairt do dhaoine trasinscneacha, agus gan dlí nó fórsa leis an ordú, agus d’éirigh dochtúirí ar fud na tíre as cúram a thabhairt do dhaoine a bhí ina riachtanas. D’fhogair sé go gcaithfidh gníomhaireachtaí rialtais eolas agus torthaí taighde a thógáil anuas ón idirlíon, agus thóg. D’fhógair sé go mbeadh “bearta éifeachtúlachta” le fáil i ranna rialtas, agus tháinig Elon Musk isteach le dream déagóirí chun smacht a ghabhail na córais ríomhaireachta.

Tá stair na Stát Aontaithe uafásach, agus níl mórán déanta ag na ceannaraí roimhe seo chun sin a chur i gceart, ach ní hionnan hiad agus Trump agus na bithiúnaigh atá leis.

Is mise,

Niamh Ní Féineadh