Cathal Ó Murchú

Beartas nualiobrálach amach is amach is ea an roinn nuachruthathe faoi cheannas Elon Musk, an Roinn um Éifeachtúlacht Rialtais. Go bunúsach tá an chumhacht ag an roinn nua seo athstruchtúrú as cuimse a dhéanamh ar gach réimse den státchóras feidearálach, agus ar na bearta móra atá ar intinn acu tá na deicheanna de mhílte de státseirbhísigh a bhriseadh as a bpoist.

Ar cheann de na heagraíochtaí stáit a rinneadh a scor go hiomlán tá USAID, eagraíocht a mhaítear go minic go dtugann sí cúnamh do bhochtáin an domhain. Ach rud nach luaitear go minic is ea a ról agus a gcaiteachas maidir le hathrú réimis agus rialtais a chur i bhfeidhm i dtíortha nach ndéanann de réir thoil na Stát Aontaithe, agus i dtíortha a cheaptar a bheith báúil leo.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!