Cúigear gníomhaithe óga ag dul chun na hAmasóine chun tacú leis na bundúchasaigh agus foghlaim uathu.

Beidh cúigear díograiseoirí óga ó Mheitheal Uí Chadhain ag taisteal chun na Brasaíle ar feadh coicíse agus £10,000 bailithe acu ar son mhuintir bhundúchasach na hAmasóine.

Jack Mac Íomhair 

D’fhág Caoimhe Ní Choinn, Eimear Nic Ionnrachtaigh, Eoghan Ó Gormaile, Naoise Ó Cuilín agus Eoghan Ó Conghaile Béal Feirste Déardaoin an 13 Feabhra, chun tabhairt faoi thuras dlúthpháirtíochta chun na hAmasóine. Is baill de Mheitheal Uí Chadhain iad, meitheal dlúthpháirtíochta agus Ghaelach de dhíograiseoirí óga. 

Tháinig toscaireacht de bhundúchasaigh na hAmasóine chuig Béal Feirste mar chuid d’Fhéile na gCloigíní Gorma i mí Bealtaine 2024, agus lena linn sin fuair an grúpa cuireadh dul ar cuairt chucu san Amasóin.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!