An seachrán é Trump nó an bhfuil sé dílis do Stáit Aontaithe Mheiriceá?

Eoin Ó Murchú

Bhain Uachtarán Mheiriceá Donald Trump preab mór as an domhan ar fad lena ráiteas aduain go nglacfaidh na Stáit Aontaithe seilbh ar Gaza, go ndíbreofar an pobal dúchasach Palaistíneach amach as agus go dtógfar eastát réadach den scoth ar smionagar na tíre.

Bhí íonadh ar an domhan roimhe seo, ar ndóigh, nuair a d’fhógair an t-uachtarán go raibh sé i gceist aige seilbh a ghlacadh ar an nGraonlainn agus ar Phanama, leis an lámh láidir más gá, agus go mbeidh Ceanada aige freisin mar an 51ú stát de chuid SAM.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!