Luadh Pádraig Sáirséal, nó ‘an Sáirséalach’ (1655-93), sna meáin le déanaí, óir creidtear go bhfuil seandálaithe tar éis teacht ar a chorp i séipéal sa Bheilg. Léiríonn taifid staire gur cuireadh Sáirséal in uaigh gan leac i gcathair bheag darb ainm Huy taobh le saighdiúir Francach nach eol a ainm.
D’fhág Sáirséal Éire le linn Theitheadh na nGéanna Fiáine in 1691, nuair a chuaigh saighdiúirí Seacaibíteacha a bhí dílis do Rí Séamas II thar sáile chun troid le hairm na Mór-Roinne, go háirithe an Fhrainc agus an Spáinn.
Tá Sáirséal ar dhuine de na ceannairí míleata is tábhachtaí i stair na hÉireann. Rugadh i dteaghlach Angla-Éireannach Caitliceach é thart ar an mbliain 1655. Ba de shliocht Gaelach a mháthair, iníon le Ruaidhrí Ó Mórdha, ceannaire Éirí Amach 1641. Chaith Sáirséal tréimhse in arm na Fraince. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé isteach in arm na Seacaibíteach agus bhí cáil amach air mar cheannaire cróga agus neart taithí aige ar chúrsaí míleata le linn Chogadh na Seacaibíteach (1689–1691).
Bhris an cogadh úd amach de bharr coimhlinte i ngeall ar an té a bheadh ina rí ar Shasana, Albain agus Éirinn. Ar thaobh amháin bhí an Caitliceach Séamas II agus bhí an Protastúnach Liam Oráiste i gceannas an taobh eile. Bhain Liam Oráiste an choróin de Shéamas le linn na Réabhlóide Glórmhaire in 1688.
Thacaigh Caitlicigh na hÉireann le Séamas, ag súil go dtabharfadh sé ar ais a gcuid tailte agus cearta, fad is a thacaigh Protastúnaigh le Liam Oráiste chun bonn ní ba láidre a chuir faoina smacht féin ar an tír. Ba chuid bheag é an cogadh de choimhlint Eorpach níos leithne idir an Fhrainc (a thacaigh le Séamas) agus an Comhaontas Mór (a thacaigh le Liam Oráiste) le linn Chogadh an Chomhaontais Mhóir (1688–1697).
Ar na gaiscí ba mhó a rinne an Sáirséalach le linn Chogadh na Seacaibíteach ná an ruathar ag Baile an Fhaoitigh i Lúnasa 1690. Ba ruathar dána é ar thionlacan míleata fhórsaí Liam Oráiste inar scriosadh trealamh cogaíochta léigir a bhí le húsáid i gcoinne Luimnigh, rud a chuir moill ar thitim na cathrach agus a thug ardú meanman do na Seacaibítigh.
In ainneoin na n-iarrachtaí seo, cuireadh na Seacaibítigh faoi léigear, agus chlis orthu ag Cath na Bóinne (1690) agus Cath Eachroma (1691) chomh maith. Mar thoradh ar an mbrú míleata seo, chuaigh Sáirséal agus a lucht leanúna siar go Luimneach, an áit dheireanach a bhí faoina smacht. Tar éis cainteanna fada, síníodh Conradh Luimnigh ar an 3 Deireadh Fómhair 1691.

Bhí ról lárnach ag Sáirséal i gConradh Luimnigh, a thug an rogha do shaighdiúirí Seacaibíteacha fanacht in Éirinn faoi riail Phrotastúnach nó dul ar deoraíocht chun leanúint ar aghaidh ag troid ar son Shéamais II. Roghnaigh Sáirséal agus timpeall 14,000 saighdiúir Éireannach agus a dteaghlaigh dul ar deoraíocht seachas glacadh le riail na Sasanach. Tugadh Teitheadh na nGéanna Fiáine ar an imeacht ollmhór seo.
Ar an 22 Nollaig 1691, d’imigh Sáirséal agus a chuid fear ó Chorcaigh chun na Fraince, áit ar tógadh isteach in arm na Fraince iad mar chuid den Bhriogáid Éireannach. Ba chaillteanas ollmhór é seo d’Éirinn; chaill an tír cuid mhór dá ceannairí agus dá saighdiúirí ab’éifeachtaí.
Mar a mhíníonn an staraí Thomas Bartlett, ‘ní hamháin gur deireadh leis an gcogadh a bhí i gConradh Luimnigh, ach ba thús le ré fhada de mhíleatachas Éireannach thar lear é, a d’fhág lorg ar stair na hEorpa ar feadh céad bliain’.
Sa Fhrainc, chuir Rí Louis XIV fáilte roimh Sáirséal. Thuig Louis luach na n-imirceach Éireannach mar chomhghuaillithe in aghaidh Liam Oráiste. Bronnadh céim ard ar Sháirséal mar maréchal de camp (maorghinearál), agus bhí sé mar cheannaire na saighdiúirí Éireannacha le linn Chogadh na Naoi mBliana (1688–1697).
Bhí impleachtaí móra ag Teitheadh na nGéanna Fiáine, faoi cheannas an tSáirséalaigh, d’Éirinn. Le himeacht an oiread sin saighdiúirí oilte, cuireadh deireadh le haon fhrithbheartaíocht mhíleata a bhí fágtha in aghaidh riail Shasana, agus osclaíodh an doras do na Péindlíthe, agus srianta crua ar Chaitlicigh.
Agus na saighdiúirí Éireannacha i gcéin bhain siad cáil amach mar laochra den chéad scoth, go háirithe in arm na Fraince agus na Spáinne, áit ar lean siad ag troid i gcoimhlintí móra Eorpacha. Lean an Bhriogáid Éireannach ag troid ar son na Fraince ar feadh breis agus céad bliain.
Ba é Cath Landen (1693), sa Bheilg sa lá atá inniu ann, an cath deireanach inar throid an Sáirséalach. Throid sé faoi cheannas an Mharascail Luxembourg agus gortaíodh go tromchúiseach é lena linn. Deirtear gurbh iad na focail dheireanacha uaidh ná ‘Ó, dá dtarlódh seo ar son na hÉireann!’, rud a léirigh a dhílseacht dá thír dhúchais.
De réir an staraí J.G. Simms, ‘Ní hamháin gur chaill an Fhrainc ginearál luachmhar, ach chaill Éire siombail. Do mhórán Éireannach ar deoraíocht, ba shiombail den dóchas é Sáirséal go mbeadh Éire neamhspleách arís. Ach d’imigh an dóchas le himeacht ama’.
Má dhearbhaíonn na seandálaithe atá i mbun tochailte in Huy na Beilge faoi láthair go bhfuil Sáirséal curtha ann, tógfar a chorp ar ais go Luimneach, áit a ndéanfar é a adhlacadh ina bhaile dúchais.
Léiríonn amhrán anaithnid ón 17ú haois an meas a bhí ag Gaeil ar Sháirséal:
A Phádraig Sáirséal, is duine le Dia thú,
is fearrde an talamh ar sheasadh tú riamh air,
do bhainteá allas as clanna na striapach,
is do sciob an barr ó láimh rí Uilliam leat,
Och! ochón!
Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona. Foilseofar a leabhar is déanaí ‘Cath idir an pobal agus an murder machine’: Gluaiseacht na Gaelscolaíochta, 1973-2023 le Bradán Feasa go luath.