Na hÉireannaigh Óga agus an Cumann Reipéil i mBéal Feirste, 1846-1848

An Dr Kerron Ó Luain

Ba thréimhse chorraitheach é lár an 19ú haois don náisiúnachas in Éirinn, go háirithe i gCathair Bhéal Feirste. Bhí tionchar ag na coimhlintí idir na hÉireannaigh Óga agus lucht leanúna Dhónaill Uí Chonaill idir 1846 agus 1848 ar fhorbairt an náisiúnachais sa chathair as sin amach. Bhí Béal Feirste ina cathair thábhachtach sa streachailt chun Acht an Aontais 1800 a aisghairm. Ach bhagair teacht in inmhe na nÉireannach Óg radacacha gluaiseacht choimeádach Uí Chonaill agus an Cumann Reipéil. Tharla an t-easaontas idir an dá dhream i gcomhthéacs an Ghorta Mhóir agus réabhlóidí ón mbun aníos ar Mhór Roinn na hEorpa. D’fhágfadh an scoilt lorg seasta ar fhorbairt an phoblachtachais in Éirinn sa 19ú haois.

Ba lárionad trádála é Béal Feirste an tráth seo. Mar a mhaígh an taistealaí William Makepeace Thackeray in 1842 bhí an chathair ‘folláin, rathúil, agus rachmasach.’ Bhí an Cumann Reipéil gníomhach sa chathair ó 1842 i leith, agus iarracht á déanamh acu an rath sin a thapú ar mhaithe leis an náisiúnachas.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.