Traidisiúin eile Lá Fhéile Bríde

Léargas ar na traidisiúin nach bhfuil chomh coitianta céanna a bhaineann le Lá Fhéile Bhríde

Caoimhín Ó Cadhla

Tá na gnáththraidisiúin pléite i gcolún léamhthuisceana na seachtaine seo. Breathnóimid anseo ar na traidisiúin nach bhfuil chomh coitianta céanna leo.

Crosóg Bhríde

Crosóg Bhríde, a deir tú, nach é sin an traidisiún is coitianta a bhaineann leis an bhféile. Tá an ceart agat, ach breathnóimid ar na crosóga éagsúla. Sa chéad dul síos, is í an chrosóg Bhríde i gcruth muileata an leagan is coitianta, ach tá an cruth sin imithe as faisean mar gheall ar, an gcreidfeá, RTÉ. Thóg RTÉ an tsiombail mar lógó nuair a bunaíodh iad sna seascaidí agus d’imigh crosóg an mhuileata as faisean dá bharr sin. Is féidir le crosóg a bheith chomh casta sin go bhuil suas go 30 muileata uirthi. Déantar an chrosóg seo le tuí, le feagacha agus le giolcacha. 

Faightear crosóg Bhríde thríchosach i gCúige Uladh.  

Déanta bogha-chrosóg thrasfhite i Sligeach, Liatroim agus deisceart Dhún na nGall. Déantar í seo a chrochadh i stáblaí.  

Faoin am a mbailíodh béaloideas ní raibh eolas ar fáil faoin gcineál crosóige a dhéantaí i gCúige Laighean. Is trua sin mar tá nasc ag Bríd le Cill Dara. 

Crios Bhríde

In iarthar na Gaillimhe tá traidisiún acu Crios Bhríde a dhéanamh. Déantar an crios de rópa tuí thart ar dheich dtroithe ar fad agus fitear é go dtí go bhfuil sé in lúb le ceithre chros déanta de thuí ceangailte de. Iompraíonn  buachaillí crios Bhríd ó theach go teach, agus i ngach teach dá dtéann siad, iarrann siad ar na daoine dul tríd an gcrios go bhfaighidh siad cosaint Bhríde ionas go mbeidh sláinte acu an bhliain sin, go háirithe go mbeidh siad saor ó phianta sna cnámha. Deir na daoine a iompraíonn an crios an véarsa seo ag gach teach:

Crios Bhríde mo chrios,
Crios na gceithre gcros,
Éirigh suas, a bhean an tí,
Agus gabh trí huaire amach,
An té rachas tré mo chrios,
Go mba seacht bhfearr a bheith sé bliain ó inniu. 
Uaireanta cuirtear na línte seo leis:
Agus an té ná tugann pingin dúinn,
Go mbriseadh sé a chos!

Cuireann fir an chos dheas tríd an gcrios ar dtús, ansin an lámh dheas agus an ghualainn dheas, an chloigeann ina ndiaidh sin, ansin an ghualainn chlé, an lámh chlé agus an chos chlé. Cuireann mná an crios thar an gcloigeann, na guaillí, an corp agus ansin tógann siad céim amach as. Caithfear dul tríd an gcrios trí huaire. In áiteanna in Iarthar na Gaillimhe cuirtear beithígh tríd an gcrios.

Brat Bhríde

Oíche Bhríde, is é sin an oíche roimh Lá Fhéile Bhríde, cuirtear ribín síoda nó ceirt, bán nó dearg go traidisiúnta, amach ar leac fuinneoige nó ar crochadh ar sceach in onóir do Bhríd. Creidtear go dtéann Bríd tríd an tír an oíche seo agus go leagann sí a lámh ar an ribín nó ceirt. Bíonn, dá réir sin, cumhachtaí leighis ag an mbrat, a mhéadaíonn dá fhad a choinnítear é. Tá na cumhachtaí is fearr leighis ag an mbrat a choinnítear seacht mbliana ar a laghad. Creidtear go bhfuil an brat éifeachtach ag leigheas tinneas cinn. Cuimlítear é ar cheann an othair trí iarraidh, ag rá ‘In ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh’ gach iarraidh, ansin ceanglaítear an brat Bhríde timpeall cheann an othair. 

An Bhrídeog

Bhí sé de nós i gcuid mhaith den tír grúpa daoine óga a bheith ag dul ó theach go teach ag iompar samhail de Bhríd chun beannachtaí Bhríde a tharraingt ar an teach.  Gheobhadh na daoine óga airgead ag gach teach.  

Ba chóir dúinn na traidisiúin seo a choinneáil beo. Mar sin, déan do chrosóg Bhríde, do bhrat Bhríde agus do chrios Bhríde, agus bíodh na daoine ag dul ó theach go teach ag tabhairt leo beannacht Bhríde d’áitritheoirí gach tí. 

Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.