Cathal Ó Murchú
Níl aon amhras ann ach go bhfuil réabhlóid ann i dtaobh an Ghaeloideachais le breis is caoga bliain anuas. Na cianta ó shin sa bhliain 1972, ní raibh ann den Ghaeloideachas ach 11 bhunscoil agus cúig mheánscoil i Stát na 26 Contae, nó Poblacht na hÉireann mar a thugtar air go hoifigiúil, stát a bhí neamhspleách le breis is caoga bliain ag an bpointe sin. Ar ndóigh, i stát seicteach Oráiste na Sé Chontae, ar a dtugtar Tuaisceart Éireann go hoifigiúil, níor ceadaíodh an Gaeloideachas agus rinne an stát úd gach iarracht an Ghaeilge (agus an Gaelachas léi) a chur faoi chois i ngach réimse den saol, go poiblí agus go príobháideach nuair a bhí sé in ann.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!