Tá breis is 230,000 duine diláithrithe in oirthear an Chongó tar éis don chogaíocht géarú ansin ó thús na bliana seo, dar le hArd-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanuithe (UNHCR) i gceann de na géarchéimeanna is measa ar Domhan dar leo. Is sna cúigí Kivu Thuaidh agus Kivu Theas go sonrach atá an ghéarchéim is mó ar siúl, cúigí atá thar a bheith saibhir i dtaobh mianraí agus mianacha de, agus dar leis na Náisiúin Aontaithe tá 4.6 milliún duine díláithrithe sna cúigí seo cheana féin mar gheall ar chogaí agus coimhlintí roimhe seo.
Go bunúsach tá cogadh ar siúl idir an rialtas lárnach in Kinshasa in iarthar na tíre agus grúpa reibiliúnach darb ainm M23 atá tar éis fás go mór ó na 1990í, iad sárarmáilte agus tar éis grúpaí eile a shlogadh chucu féin ó shin. Is iad muintir Tutsi is mó atá i gceannas ar ghluaiseacht M23 agus faigheann siad tacaíocht shuntasach ó anoir ó Ruanda, stát ar an taobh thoir den Phoblacht an Chongó agus atá faoi cheannasaíocht mhuintir Tutsi. Arís is coimhlint é seo a leanann ó chinn eile a a bhí ann roimhe, go háirithe Cinedhíothú Ruanda in 1994 ina rinneadh slad ar 800,000 de mhuintir Tutsi chomh maith le Cogadh Mór na hAfraice, nó Dara Cogadh an Chongó, ó 1998 go 2003 inar maraíodh idir 5 agus 7 milliún duine.