Ollchostas fós ag baint le freastal ar lucht iarrtha dídine

Eoin Ó Murchú

Cé nach bhfuil fadhbanna na hinimirce agus cúrsaí dídine comh géar is a bhí, is ábhar buartha i gcónaí an méid airgid atá á chaitheamh ag an stát sna réimsí seo.

Dar le figiúirí a d’fhoilsigh an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige an tseachtain seo, tá timpeall 5 mhilliún sa ló á chaitheamh ag an stát le freastal ar lucht iarrtha dídine agus ar theifigh ón Úcráin. Sin €1.4 billiún do na chéad naoi mí den bhliain seo caite.  

Tá comhlachtaí faoi leith ag déanamh go maith as an gcaiteachas seo. Mar shampla, fuair an t-óstán Citywest €16.87 milliún ón stát le haghaidh trí mhí den bhliain seo caite, agus fuair Cape Wrath UC, ar chuid den ghnólacht Tetrarch Capital é, €51.27 milliún.

Níos ísle sa scála tá an teachta dála neamhspleách as Ciarraí, Michael Healy-Rae, a luaitear mar aire stáit sa rialtas nua. Fuair sé €172, 680 as teach aíochta dá chuid, Rosemount Guest House, sa tréimhse dheireanach, agus tá €1.2 milliún faighte ag Healy-Rae as an ngnó seo le dhá bhliain anuas.

Sa tréimhse Iúil go Meán Fómhair anuraidh chaith an roinn €265 milliún ar iostas do lucht iarrtha dídine, méadú 11% ar an méid a caitheadh sa tréimhse trí mhí roimhe.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.