LÉIRMHEAS
le Máire Úna Ní Bheaglaoich
STAIR NA SÍOCHÁNA IN ÉIRINN
Risteárd Mac Annraoi
Coscéim €20
Seo stair ghluaiseacht na síochána in Éirinn ón luathstair anuas – ó ré Chúchulainn, Cáin Adamhnáin, Foras Feasa – go dtí inniu, i 6 chaibidil. Tá an leabhar an-chuimsitheach, go háirithe as 1800 amach. Is é an locht is mó atá air ná an tréimhse is déanaí, sa 20ú céad agus na dosaein grúpaí ba mhaith linn a bheith sa chúntas, mar Afri, Pana, Gluaiseacht an Phobail (people.ie), agus go háirithe sa Tuaisceart, Bishopscourt Peace Camp ’83, Peace People ’73, Veterans for Peace 2012, Women Together 1970, a bhí ag coimeád dreamanna trodacha óna chéile. Nach mór an gá a bheadh leo inniu! D’oirfeadh cuntas ar leithligh dóibh sin, tar éis an mhéid a d’fhulaing an pobal dúchasach. Tá liosta foilsithe ag INNATE.