Ceithre chlub sa tóir ar Chraobh Shinsir Uile-Éireann a bhuachaint den cheád uair, Cuala agus Aireagal Chiaráin sa pheil, agus Na Fianna, Glas Naíon, agus na Sairséalaigh ó Chorcaigh san Iomáint.
Tá fuadar ag méadú i roinnt ceantar timpeall na tíre agus clubanna ag dul suas chun na hardchathrach an deireadh seachtaine seo lena sluaite de lucht tacaíochta le haghaidh cluichí ceannais uile-Éireann sa pheil agus san iománaíocht a bhfuiltear ag feitheamh go crua leo i bPáirc an Chrócaigh
Beidh an dá chluiche ceannais i gcraobhchomórtais na peile agus na hiománaíochta araon ar siúl an Domhnach beag seo, nuair a bheidh Cuala ó Bhaile Átha Cliath ag tabhairt aghaidh ar Aireagal Chiaráin as Tír Eoghain sa pheil, agus beidh na Fianna ó Ghlas Naíon ag dul i ngleic leis na Sairséalaigh ó Chorcaigh i gcluiche ceannais na hiománaíochta.
Seo an chéad uair do gach ceann de na ceithre chlub seo a bheith sna cluichí ceannais uile-Éireann faoi seach. Cé gur bhuaigh Cuala craobh na hÉireann sa iománaíocht roimhe seo, is é seo an chéad uair dóibh cluiche ceannais na peile a bhaint amach.