Ceiltear an fhírinne nuair a mharaítear na hiriseóirí!

Eoin Ó Murchú

I measc na maruithe agus an scriosta ar fad atá á ndéanamh ag Iosrael i gcogadh Ghaza, tuairiscítear go rialta gurb iad iriseoirí, chomh maith le hospidéil, na spriocanna, le breis agus 190 iriseoir Palaistíneach, ag caitheamh comharthaí preasa marcáilte go soiléir, i measc na marbh ó Dheireadh Fómhair 2023.

Dúirt údaráis Ghaza gur mharaigh aerionsaí Iosraelach cúigear iriseoirí Palaistíneacha taobh amuigh d’ospidéal Lá Fhéile Stiofáin, agus dúirt lucht leighis go raibh an cúigear i measc ar a laghad 21 duine a maraíodh in aerionsaithe Iosraelacha ar fud na Palaistíne roimh bhreacadh an lae.

Dhearbhaigh Ceardchumann Iriseoirí na Palaistíne go raibh an cúigear iriseoirí ón gcainéal Al-Quds Today i bhfeithicil chraolta os comhair Ospidéal Al-Awda i gcampa teifeach Al-Nuseirat i lár Gaza, agus arís bhí sé marcáilte go soiléir.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.