Oíche Chinn Bliana agus Lá na Bliana Úire

Tugann Caoimhín Ó Cadhla cur síos ar na traidisiúin a bhain le hOíche Chinn Bliana agus Lá na Bliana Úire

Ag briseach cáca (Ill. London News, 1852)

Cén lá é Lá na Bliana Úire?

Ní féile mhór i bhféilire na nGael a bhí san Oíche Chinn Bliana. Níor dearbhaíodh an chéad lá d’Eanáir mar Lá na Bliana Úire sa dlí in Éirinn go dtí 1751. Roimhe sin ba ar an 25 Márta a thosaíodh an bhliain go hoifigiúil, ach ghlacadh muintir na tuaithe leis an 1 Feabhra mar an chéad lá den bhliain de réir Chaoimhín Uí Dhanachair. Ach bhí an nós ann in Albain de bharr chleachtas na Rómhánach (cé nár ghabh na Rómhánaigh Albain riamh) glacadh leis an 1 Eanáir mar lá tosaigh na bliana. Tá an chuma air gur scaip an traidisiún sin go hÉirinn. Tá teoiric ann gur Oíche Shamhna tús na bliana a bhí ag na sean-Ghaeil, ach níl sé sin dearbhaithe.

Oíche Chinn Bliana

Bhíodh sé de nós tairngreachtaí a dhéanamh Oíche Chinn Bliana. Bhítí ag tuar na haimsire don bhliain trí bhreathnú ar an aimsir an oíche sin. Dhéantaí tuar freisin ar chúrsaí polaitíochta don bhliain trí bhreathnú ar an aimsir. Mar shampla, in iarthar Dhuibhneach, dá mbeadh gaoth aniar ann ghlacfaí leis mar chomhartha go mbeadh bua ag na Gaeil ar na Sasanaigh, ach dá mbeadh gaoth anoir ann chreidtí go mbeadh an lámh in uachtar ag na Sasanaigh. Chuireadh cailíní duilleoga cuilinn agus eidhinn nó braidhleog drualusa faoina bpiliúr le go mbeadh brionglóid acu faoin bhfear céile a bheadh acu sa todhchaí.

Ainm eile ar Oíche Chinn Bliana ba ea Oíche na Coda Móire. Chreidtí dá mbeadh béile mór maith agat an oíche sin go gcinnteodh sé go mbeadh go leor bia agat sa bhliain a bhí romhat. Nós eile a chleachtaítí chun a chinntiú nach mbeadh ocras ar dhuine i rith na bliana úire ba ea cáca a chaitheamh ar dhoras an tí ón taobh amuigh. I gCill Chainnigh deirtí an rann seo trí huaire agus an cáca á bhuaileadh ar an doras:

Fógraimid an Ghorta, 
Amach go tír na dTurcach;
Ó anocht go bliain ó anocht,
Agus ó anocht féin amach.
In iarthar Chontae Luimnigh agus an cáca á buaileadh ar an doras deirtí:
An donas amach,
Is an sonas isteach
Ó anocht go dtí bliain ó anocht
In ainm an Athar is an Mhic is an Spioraid Naoimh, Amen.

Lá na Bliana Úire

Lá na Bliana Úire, nó Lá Caille, bhíodh nós i nDoire, Aontroim agus Tír Eoghain breathnú ar leibhéal an uisce in abhainn agus sin a úsáid chun báisteach na bliana a bhí rompu a thuar.  Chreidtí go mbeadh ádh sa teach dá mba bhuachaill a mbeadh a chuid gruaige dubh an chéad chuairteoir den bhliain úr. Thugtaí cuireadh do bhuachaillí ceanndubha teacht ar cuairt, mar sin, agus thugtaí deoch dóibh. Ach dá mba bhean rua an chéad chuairteoir sa teach Lá Caille, chreidtí go mbeadh mí-ádh ar an teach don bhliain amach.

Lá na Stiallóg a chuirtí ar Lá Caille freisin, lá a mbíodh cóisireacht agus ragairne ar siúl.  Théadh cleamairí ó theach go teach ag bailiú airgid agus iad ag marcaíocht ar asal gléasta le ribíní.

Deirtear faoi Lá Caille má thugann tú airgead amach an lá sin, go beidh tú á thabhairt uait gach uile lá eile sa mbliain. Bhíodh sé de nós ag daoine beannacht a thabhairt dá chéile ar Lá Caille an chéad uair a chasfaí ar a chéile iad. Seo beannacht álainn ó Dhún Chaoin:

Móra thoir agus móra thiar duit
Móra is dachad gach maidean sa mbliain duit
Ní ar nós an bhacaigh atáimse á iarraidh ort
Ach móra duit, is fógraím m’iarsma ort

Foinse: Mag Eacháin, C. (2022) Ó Cheann Ceann na Bliana – Nósanna an Fhéilire in Éirinn. An Spidéal: Cló Iar Chonnacht

Tá cáilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ó Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.