An féidir linn stop a chur leis an gConradh le Mercosur?

Eoin Ó Murchú

Ar nós Dracula, a d’éirigh gach oíche le dul sa tóir ar fhuil na mbeo, tá conradh trádála Mercosur tagtha chun solais arís, agus aontú idir an tAontas Eorpach agus tíortha Mercosur – an Airgintín, an Bhrasaíl, Uaraga, Paragua, an Bholaiv agus Veiniséala (atá ar fionraí ón mbloc faoi láthair).

Bloc trádála de chuid Mheiriceá Theas atá i Mercosur, cosúil leis an gComhphobal Eacnamaíoch Eorpach mar a bhí, ach amháin nach bhfuil aon aontú polaitiúil nó míleata i gceist.

Tá sé mar aidhm ag an mbloc socruithe níos fearr trádála a dhéanamh leis an domhan ar fad, agus leis an Iarthar go háirithe.

Tá os cionn fiche bliain caite in idirbheartaíocht don chonradh seo, ach anois sa socrú a aontaíodh beidh Mercosur in ann mianraí mar aon le hearraí talmhaíochta a dhíol isteach san Aontas Eorpach gan táillí. Cuirfidh sé leis an trádail ó Mheiriceá Theas leis an Eoraip.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.