Tugann Domhnall Mac Concharraige léirmheas ar céard atá ag tarlú san Iaráin ó rinne Iosrael ionsaí ar an tír.
Den chéad uair riamh, tá sé deimhnithe ag Iosrael go ndearna sé ionsaí ar an Iaráin. Dé hAoine an 27 Deireadh Fómhair, dhúisigh muintir Tehran ag a 2 a chlog ar maidin. Bhí pléascanna ar siúil agus an t-ionsaí, a bhí deimhnithe ag Iosrael go gairid ina dhiaidh sin, faoi lánseol. Trí huaire tar éis an chéad babhta, bhuail níos mó diúracán. Faoi bhreacadh an lae, dúirt lucht Tel-Aviv go raibh an “oibríocht críochnaithe” agus go raibh “na spriocanna bainte amach”.
Bhí sé deimhnithe ag Tehran go bhfuair 4 shaighdiúir, a bhí ag obair chun na diúracáin a stopadh, bás le linn an ionsaí. Dúirt siad freisin gur buaileadh láithreáin mhíleata in Tehran, Ilam agus Khuezestan, ach gur éirigh leo cuid mhór a stopadh in áiteanna éagsúla. Ba é sin an chéad mhórionsaí a rinneadh san Iaráin ó tharla cogadh idir an tír agus a gcomharsa an Iaráic sna 1980dí. Dúirt Tehran go leanfaidh siad de mhuintir Ghasá agus na Liobáine a chosaint go dtí go stopann ionsaí Iosrael.